An tOileán Úr

Unique Word Count: 140

Rinne mé smaointiú i m'intinn is lean mé dó go cinnte 
Go n-éalóinn ó mo mhuintir anonn chun ’Oileáin Úir 
D’iarr mise i m’ impí ar an Ard-Rí ’tá ’s mo chionn-sa
Mo shábháilt ó gach tubaiste go gcríochnóinn mo shiúl.

Shiúil mé fiche míle ’s níor casadh orm Críostaí Capall, 
bó nó caora ag déanamh inghilt ar an fhéar,
Coillte dlúth' is gleanntáin agus búirtheach beithigh allta 
Fir is mná gan toint’ orthu a chasfá fá do mhéar.

Tharla isteach i dteach mé is casadh orm daoine 
D'fhiafraigh siad díom i mBéarla cén tír inar tógadh mé. 
Dúirt mé leo i nGaeilge gur tógadh mé in Éirinn
Láimh le Loch Éirne i gCoillidh Lios na Raoch

Bhí seanbhean insan chlúdaigh is stocaí ar a glúine 
D'éirigh sí go lúthmhar agus chraith sí liomsa lámh
"Sheacht mh'anam, fear mo thíre thar a bhfaca mé ariamh de dhaoine 
Nár tógadh mise in Éirinn i mBaile Lios Bhéal Átha"

Is ea ansin a rinne mé smaointiú is lean mé dó go cinnte 
Go bpillfinn ar ais go hÉirinn an áit a sínfí mé faoi chlár
Mar a bhfaighfinn lucht mo chaointe is an t-aos óg a bheadh lách aoibhinn 
A chaithfeadh liomsa an oíche agus páirt mhór den lá.