An Yawl Mhór

Unique Word Count: 340

A Chasadhmaid chrín, ba sheasmhach 's ba righin thú,
Is b'ionat a bhi fíorscoith na darach. 
Nach iomaí sin líne a chuir tú ón tsaol, 
Ó tháinig do chraobh os cionn talaimh.
D'fhás tusa aníos 'do phlanta dheas aoibhinn, 
'S bhí snáithe glan caoin ort le gearradh,
Cé gur iomaí sin oíche ar ucht Shliabh a' tSín 
A lúb tú le gaoth 'gus le stoirm.

Nuair a smaointím chomh glórmhar 's bhí laetha' na hóige,
Cá hionadh na deora 'mo dhalladh,
I gcoillidh ghleann cheo 's mé faoi dhuilliúr go fóill,
Agus géimneach na mbó a mo mhealladh.
A' chonairt sa tóir ar a tsionnach gach neoin, 
Na héin a' gabháil cheoil ins na crannaibh,
Is mise go bródúil's níor dhual domh go deo, 
Bheith 'mo chriathrú gan só fá na beanna.

Ná caoin thusa d'óige, nó sin mar a hordaíodh, 
Ní mhaireann a' córtas ach tamall,
Is beag nach ndéan' póit is nach dtiteann chun bróid
Ach tá 'n Cruthaitheoir trócaireach geanúil. 
Seanchloigeann gránna ar cholainn ró-álainn, 
Níor ordaigh ár nArdrí ná 'samhail
Codail go sámh is beidh rath art is ádh, 
A bhanríon na mbád a bhí geanúil.

Ní a' caoineadh atá me, ach tá'n cineadh a' rá liom.
Gur thabhaigh mé náire agus scainnir— 
Do fhíorscoith an adhmaid a d'fheistigh na cábáin,
'S chuir cinn ar na teampaill sa tseanam.
Ní raibh cipín ná clár dá raibh oibrí' san Airc, 
Nach raibh gearrth' as crann álainn den daraigh, 
Nach é sin a' scéal cráite 's nach trua leat mo chás,
Bheith sceite 'mo chláraí sa ghreallaigh.

Nach dona 's nach cloíte mar rinneadh a' díoghadh duit,
A phlanta de uaisle na coilleadh.
Ábhar chathaoir na rí agus chroisín na naomh, 
Do dhúchas nach tútach mar milleadh.
Ba í do chinniúint a bhí bithiúnta i ndeireadh na scríbe,
Mo léan nach é 'n saol seo 'tá bradach,
Tú mar earradh ag straoille a' baint taca as go haoibhinn,
I scealpaigh gos íseal sa chladach.

A sheanfhile chaoin ná bí a' briseadh do chroí. 
Fá mise bheith sínte ar a' leacaigh.
Ná héiligh fán straoille bheith suite ar mo chaoldroim,
Níl mé ach ag íoc as mo pheacaí.
Níor shiúil mise díreach ar bhóithre an tsaoil, 
'S iad mo bhéasaí d'fhág míchlú ar m'ainm,
D’fhág mo chleiteacha síos liom 'gus osna in mo chroí,
Agus coincleacha míofara ar m'anam.

Shíl mé gur bhád thú nár choir is nár cháin, 
Ó chua' tú ar sáile 'do leanbh,
Gur sheol tú go státúil ó Thoraigh go hÁrainn, 
'S gur bhain tú gach rás ar na caineáil,
Níor chuala mé ráite gur chiontach tú ' mbáthadh,
Nó 'ngníomharthaí róghránna ar bith eile, 
Ach má thábhaigh tú cáipéis do d'anam, bí cráifeach,
Déan faoiside chráite le file.

Bhí mé trom ar na rámhaí 's níor sheoltóir mhaith báid mé,
'S ní raibh mé riamh ádhúil ag scadáin, 
Theilginn na tairní ar fhíorbheagán ábhair, 
'S ní dhearn mé riamh tábhacht le brádáin.
Chuir mé foireann as Árainn i gcontúirt a mbáite. 
'Gus dhíbir mé dhá mhaighdean mhara.
D'fheall mé sa rás ar chuid fear Bhaile Mhánais, 
Agus bháith mise 'n Dálach sa bharra.

Seo achainí chráifeach a ghuím ón Ardrí, 
Do thógáil gan spás as an anás,
Agus cathaoir i bPárthas a bheith agat go brách. 
Agus gaobhar le Banríon na nAingeal.
Tú bheith gan chian ar dheisláimh ag Dia, 
Agus smál dubh na mbliantach de d'anam
Is a'straoille go síoraí bheith 'n Ifreann na bPian, 
Agus gadracha iarainn á cheangal.

-Seán Bán Mac Grianna