Unique Word Count: 126
Má fhaighimse slainte is fada bheas trácht ar An mhéid a báthadh as Anach Cuain. Mo thrua amárach gach athair is máthair Bean is páiste ag sileadh súl. A Rí na ngrásta, a cheap neamh is Párthas, Nár bheag an tábhacht dúinn beirt nó triúr? Ach lá chomh breá leis gan gaoth gan báisteach Is lán an bháid acu a scuabadh ar shiúl. Nár mhór an t-ionadh os comhair na ndaoine A bhfeiscint sínte ar chúl a gcinn? Screadadh is caoineadh a scanródh daoine, Gruaig a cíoradh is an chreach á roinn. Bhí buachaillí óga ann, tíocht an fhómhair, Á síneadh ar chróchar is a dtabhairt go cill. Is gurbh é gléas a bpósta a bhí á dtórramh Is, a Dhia na glóire, nár mhór an feall? Loscadh sléibhe agus scalladh cléibhe Ar an áit ar éagadar is milleán crua, Mar is iomaí créatúr a d’fhág sé ag géarghol, Ag sileadh is ag éagaoin gach maidin Luain. Ní díobháil eolais a chuir dá dtreoir iad Ach mí-ádh mór a bhí sa gCaisleán Nua. Is é críochnú an amhráin gur bathadh mórán Is d’fhág ábhar dóláis ag Anach Cuain.