Unique Word Count: 96
A mh'ansacht na n-ansacht A dtug mé m'ansacht go léir duit Nach cuimhin leat mo mhealladh Is rinne tú ‘n fheall orm na dhéidh sin. Anois atá mé folamh Is go bhfuil m'intinn lánbhuartha 'S mé ag amharc ar mo leannán Ag fear eile a bréagadh Éireoidh mé ar maidin Le theacht dheirg na gréine Agus fuígfidh mé mo bheannacht Ag cailíní an tsaoil seo. Bhéarfaidh mé an ruaig sin Thart suas fá Loch Éirne 'S ní phillfidh mé 'na bhaile Go gcanfaidh 'n chuach ann gach réigiún. Mar bhláth bán na neoiníní Bhíos a' fás i dtús a’ tsamhraidh Nó mar fhaoileán dheas bhán A bhíos a’ snámh ar na méilte. Mar ghrian os cionn na dtuillte 'S í ‘ dealramh thart timpeall 'S nach siúd mar bhíos mo ghrása A' deanamh rámhaillí i m'intinn