Ar A Ghabháil ‘N A’ Chuain Damh

Unique Word Count: 127

Ar a ghabháil 'n a' chuain damh 
'S mé bhí go huaibhreach
Tinn lag buartha i m'intinn
Bhi me féachaint uaim ar an speir aduaidh 
'S í éaló uaim 'na trealltaí

Ach faraoir géar géar
'S mé an ceann gan chéill
Níor ghlac mé comhairle mo mháithrin féin 
'S gur dhúirt sí liom fríd chomrá ghrinn
Go Béal Ath' hAmhnais 's ná triall ann

Ach ba mhó a thug mé grá 
Do mo chailín bán
An lá breá i gcúl an gharraí
'S do bhéilín bláth mar chúr na trá
'S do ghruann’ chomh dearg leis na caorthainn

Chuir mé lámh ar an chuan 
'S bhí mo chroí lán gruaim
Ag ceiliúr caoin na n-éanlaith
'S nach trua gan mise ag éaló leat 
Faoi rópaí 's seoltaí seidte

Orú, a chuid 's a rún 
Dá ngluaisfeá ar shiúl 
Go tír na long as Éirinn
Níl tuirse croí nó tinneas cinn 
Nach leigheasfaí ann gan amhras

Nó ba tú mo rogha inniu is inné 
Agus coinnigh agat féin ón bhás mé 
Nó gan ghrásta Dé ní mhairfidh mé
Ar an tsráid seo i mBéal Átha hAmhnais