Unique Word Count: 146
Aréir is mé téarnamh um' neoin Ar an dtaobh thall den teóra 'na mbím, Do théarnaigh an spéirbhean im' chómhair D'fhág taomannach breoite lag sinn. Do ghéilleas dá méin is dá cló, Dá béal tanaí beo milis binn, Do léimeas fé dhéin dul 'na cómhair, Is ar Éirinn ní neosfainn cé hí. A gradh ghil bi pairteach liom fhein Is go hairithe da mb’fhéidir liom scriobh Bheinn ag gáire le bánchneas na gcraobh Dá bhfaighinn áirithe ó éinne cé hí. Níl a cairde róshásta liom fhéin Chun áras a dhéanamh na tíos Ach ma tha si d'réir raite mo bhéil Ní náir dom a léamh duit cé hí. Dá ngéillfeadh an spéirbhean dom' ghlór, Siad ráidhte mo bheól a bheadh fíor; Go deimhin duit go ndéanfainn do ghnó Do léirchur i gcóir is i gcrích. Do léifinn go léir stair dom' stór, 'S ba mhéin liom í a phógadh óm chroí, 'S do bhéarfainn an chraobh di ina dóid, Is ar Éirinn ní neosfainn cé hí. Tá spéirbhruinneal mhaorga dheas óg Ar an taobh thall de'n teora 'na mbím. Tá féile 'gus daonnacht is meoin Is deise rómhór ins an mhnaoi, Tá folt lei a' titim go feoir, Go cocánach ómarach buí. Tá lasadh 'na leacain mar rós, Is ar Éirinn ní neosfainn cé hí.