Unique Word Count: 178
Ar mo ghabháil go Baile ‘ Cliath domhsa an chéad la den tseachtain Tharlaigh cailín óg orm a dtug me mórchion di is taitneamh. D'fhiafair mé i nglór ciúin di, 'Cá gconaíonn tú ' shearcrún?' 'Is i dTuaifín atá mo lóistin is m'áit chónaí le fada.' 'Ta ceist agam féin ort ós tú is deireanaí d'fhág a' baile. Cad é mar tá do chéile nó an féidir go maireann?' 'O tá sí tinn tréithlag i bhfiabhras na leapa Agus mise le trí ráithe ag na liaigh a mo chreachadh.' 'Cér mhiste duit féin é da dtéadh sí faoi thalamh. Gheofá bean is spré léi, dúiche shaor agus fearann. Bheadh airgead i do phócaí agus ór buí le scaipeadh Agus maighre an chúil órbhuí le bheith ag cóiriú do leapa.' ' Ainnir na ndual buí ná hiarr thusa mo mhealladh. Ta muirín lag óg orm is ní heol uaim á scaipeadh. Ní bheadh airgead i mo phócaí ná ór buí le scaipeadh Ná aon chailín óg le bheith ag cóiriú mo leapa.' 'Ainnir na ndual buí cá raibh tusa le fada? Níl aithne agam féin ort, ná ag aon neach ins na bealaí.' 'Ó tá dath na gaoithe orm, na gréine is na fearthainne. Is gur tráthnóna Dé Domhnaigh a tógadh ins a' bhruíon mé.' 'Éireoimid amárach go hard ins na bealaí Is rachaimid ins an áit sin ar ghnách linn a bheith seal ann. Fiafróidh ár gcairde dínn cá rabhamar le fada Is go síoraí beidh grá agam ort, a mhaighre a’ chúil daite.' 'Shiúlfainn oíche is lá leat, ceithre cearda na hÉireann. Is rachainn chun na Spáinne leat, a ghrá geal, da bhféadfainn. Mo lucht gaoil agus páirte go brách brách go dtréigfinn Dá dtabharfá ón bhás mé is a rá gur leat féin mé.