Árainn I bhFad I gCéin

Unique Word Count: 171

Mo mhíle slán le hÁrainn bhán, céad beannacht le a bhfuil ann,
Nó an bhfeicfidh mé aríst lem ré na hoileáin i lár na dtonn,
Ag Dia atá a fhios ’gus b’fhéidir lá faoi lonradh geal na gréin’,
D’ainneoin an tsaoil go mbeadh mo thriall ar Árainn i bhfad i gcéin.

Dá bhfaighinn mo mhian, ní glóir ná maoin a ghlacfainnse mar rogha,
Óir glóir ná maoin ná iad araon níor shantaigh Rí an Domhain,
B’fhearr liom faoi chéad ná iad dhá mhéid a fháil ó Thiarna an tSéimh,
Mo chur sa gcré i ngrásta Dé in Árainn i bhfad i gcéin.

Cén t-ionadh é gur chuartaigh mé le dúil agus le fonn,
Le díogras croí thar aon ní bhí na hoileáin i lár na dtonn,
Mar a luíonn chois cuain na naomh faoi shuan cé gur ard os cionn na gréin’,
Tá a spiorad gheal a chónaigh seal in Árainn i bhfad i gcéin.

I gCill Éinne thoir séard a deir na húdair atá ina luí,
An oiread naomh nach bhfuil dá ríomh ag éinne ach ag Dia,
Mar sin an cháin in Inis Fáil is i dtíortha iasacht’ féin,
Gur tír na naomh a ghlaoití ariamh ar Árainn i bhfad i gcéin.

Dhá mbeadh an bhrí is an sponc a bhí, aríst ionam go slán,
Ní mheallfadh ór an domhain, gidh mór, óm chuan ghil féin mé ar fán,
Ach b’fhearr liom caint go sámh gan saint gan ceasacht faoi thoil Dé,
Lem chairde chléibh go dtéinn sa gcré i m’Árainn i bhfad i gcéin.

Slán leat a bhaile dhíl chois cuain, is libhse, a chairde fial,
Ach oraibh uilig beidh cuimhne buan sa tír ina bhfuil mo thriall,
Tá gnó is bia ansin le fáil is an ghrian go síor ’na suí,
Ach bíodh sí míle uair níos fearr, is in Árainn a bheas mo chroí.

Mártan Ó Domhnaill (18771963)1

Árainn I bhFad I gCéin – Leagan Inis Meáin

Unique Word Count: 171

Mo mhíle slán le Árainn bhán, céad beannacht le a bhfuil ann,
Nó an bhfeicfidh mé aríst lem ré na hoileáin i lár na dtonn,
Ag Dia atá ’gus b’fhéidir lá faoi lonradh geal na gréine,
Dhá bhfaighfinn an saol, ó bheadh mo thriall ar Árainn i bhfad i gcéin.

Cén t-ionadh é gur chuartaigh mé le dúil agus le fonn,
Le díogras croí thar aon duine a bhí na hoileáin i lár na dtonn,
Mar luíonn chois cuain na naomh faoi shuan gí ard os cionn na gréine,
A n-anam geal a chónaigh seal in Árainn i bhfad i gcéin.

Cill Cheanainn thoir, is airde a deir na húdair atá ina luí,
An seachtar naomh nach bhfuil a fhios cé hiad ag aon duine ach ag Dia,
Mar sin an cháil a bhí ar Inis Meáin, ‘s ar oileán Árainn fhéin, 
‘S gurbh é Árainn na naomh a ghlaoití tráth ar Árainn i bhfad i gcéin.

Dá bhfaighinn mo mhian, ní ór ná maoin a ghlacfainnse mar rogha,
Mar ór ná maoin ná iad araon níor shásaigh croí ar domhan,
B’fhearr liom faoi chéad ná iad dhá mhéid ‘s a fháil ó Thiarna an Tréan,
Mé a chur sa gcré i ngrásta Dé in Árainn i bhfad i gcéin.
  1. https://www.ainm.ie/Bio.aspx?ID=327&AspxAutoDetectCookieSupport=1 ↩︎