Away In A Manger

Away In A Manger / Cé hÉ An Leanbh Aoibhinn? 

Unique Word Count: 23

Cé hé an leanbh aoibhinn
Sa mainséar ina luí?
Cé leis é? Nach deas é,
An leanbh beag caoin?
Cé hé an leanbh aoibhinn
Sa mhainséar ina luí?
Is liomsa, Is leatsa,
Rí na Ríthe, Mac Dé.

Source: I found the lyrics of this song in the file An Nollaig.ppt , which I downloaded from An tÁisaonad in Coláiste Ollscoile Naomh Muire, Belfast https://aisaonad.org

Away In A Manger / Seo É An Leanbh Íosa 

Unique Word Count: 23

Seo é an leanbh Íosa,
sa mhainséar ina luí.
Tá Muire agus Iósaf
agus aingeal ag guí.
Sneachta ar an talamh,
is réaltaí sa spéir.
Is an leanbh beag Íosa,
ina luí sa mhainséar.

Away In A Manger / Ó, Amharc An Leanbh Íosa 

Unique Word Count: 27

Ó, Amharc an leanbh Íosa,
Sa mháinséar ina luí,
Le Muire is Seosamh
Is na haingil ag guí
Sneachta ar an talamh,
Agus réalta sa spéir,
Is an leanbhán Íosa,
Ina chodladh go séimh.

Source: I found the lyrics of this song in the file An Nollaig.ppt , which I downloaded from An tÁisaonad in Coláiste Ollscoile Naomh Muire, Belfast https://aisaonad.org

Away In A Manger / Go Teolaí Sa Mháinséar 

Unique Word Count: 47

Go teolaí sa mainséar gan leaba gan phlúid 
Óir leag an leanbh Íosa a chloiginnín séimh
Bhí réalta na bhflaitheas ag faire go cuí
Ar an leanbhín Íosa ina chodladh sa tuí

Óir chuala na haoirí na glórtha ainglí [CO*: glórtha aingeal]
Is tháinig go Beithil le bronntanaisí [CO: bronntanais]
A Íosa sa mhainséar tabhair dúinn do ghrá [Gaeilge Chonamara: dhúinn]
Agus síocháin sa domhan seo a mhaireas go brách [CO: a mhairfidh]

*CO = Caighdean Oifigiúil

Source: ‘Amhráin Na Nollaig’ by Róisín Elsafty & Ronan Browne 

Away In A Manger / Íosa Sa Mainséar 

Unique Word Count: 47

Bhí Íosa sa mainséar i dtír (i) bhfad i gcéin.
Bhí bó agus asal ag aníor dóibh féin.
Ag féachaint anuas air bhí réaltaí na spéir(e),
Ar an leanbh ina chodladh ina luí ar an bhféar.
Ó féach an leanbh Íosa sa mainséar ina luí.
Tá Muire ‘gus Íosaf is Aoirí ag guí.
Anseo ar mo ghlúine, is Tú i do luí,
Is duitse a Íosa a thugaim mo chroí.

Away In A Manger / Sa Stábla I gCéin

Unique Word Count: 53

Sa stábla i gcéin gan adhairt faoina cheann,
Ina luí bhí an leanbh Rí cumhactach an domhain.
Na réaltaí ag faire i ndorchacht na h-oích(e).
Féach an leanbh Íosa ina luí ar an tuí.

Na táinte ina aice, anois musclann siad é,
Ach caoineadh ní dhéanann Sé, Aon Mhac Dé.
A Leanbh Caoin Íosa na h-imigh óm' thaobh,
Bí i gcónaí im' fhochair go deireadh mo shaoil.

Away In A Manger / Sa Stábla Sa Mháinséar 

Unique Word Count: 61

Sa stábla sa mháinséar tá naíonán ina luí,
An naíonán beag Íosa bheas fós linn mar Rí;
Na réaltaí ag soilsiú go hard ins an spéir,
An leanbh beag Íosa 'na luí ins an fhéar.

Tá ciúnas mór-thimpeall, tá draíocht san aer,
Tá aoibhneas ’s áthas ar an domhan go léir.
Tá ainglí na bhflaitheas ag síor-mholadh Dé,
Ard-mholadh d’Íosa, don leanbh beag glé.

Bí linne, a Íosa, bí linne go deo.
Bí linne san oíche, bí linne sa ló;
Tabhair grá do do pháistí, tabhair grá dúinn de shíor,
Agus bímis uilig dílis, bímis dílis de shíor.

Source: https://tairseachcogg.ie/Container/Documents/Cnuasach_Car%C3%BAl_Nollag_20220113092007464.pdf

Away In A Manger / Bhí Íosa Sa Mháinséar 

Unique Word Count: 78

Bhí Íosa sa mhainséar i dtír fad i gcéin
Bhí bó agus asal ag iníor dóibh féin,
Ag féachtaint anuas bhí réaltaí na spéire
Ar an leanbh do dhíol as ár bpeacaí go daor

Nuair a dhúisigh an Naíonán le geimneach na mbó
Ár dTiarna beag Íosa níor ghol sé sa chró.
Anseo ar mo ghlúna is tú i do luí,
Is duitsa a Íosa ofráilim mo chroí

Bí liomsa a Íosa, ó iarraim ort é,
Im ghoire leat choíche gach lá dem shaol.
O bheannaigh do páistí féd chúram ró-shéamh
Chun go mbfiú sinn do thearmann i bParrthas na Naoimh.

Source: I found these lyrics in a collection of Christmas carol lyrics in the Irish language, assembled by the priest Clement Mac Mánuis C.Ss.R. (1943 – 2023) from Co. Louth. The collection is available here: https://www.cumannnasagart.ie/wp-content/uploads/2023/02/caruil-nollag-le-seoladh-3-1.pdf . This song is attributed to a Mass leaflet from An Rinn.

Away In A Manger / Sa Mhainséar Bheag Shuarach 

Unique Word Count: 84

Sa mhainséar bheag shuarach, do luí sé chun suain 
An Naíonán beag, b'é Mac, Mac Rí na nDúl
Bhí réalta na spéire go geal os a chionn
Is grá do gach n-aon ag soilsiú ‘na ghnúis.

Ó beannaigh sinn a Íosa ‘dir aosta ‘gus óg
A Rí ghin gan cháim, fan farainn go deo,
I dtráth seo na Nollag Mhic Mhuire na h-Óighe,
Tabhair áird ar ár nguí, is scaip namhdas mar cheo.

Cuir grá in ár gcroí, a Linbh ghil bhuaidh,
Dein cothú ar aontas ‘s cuir scaipeadh ar fhuath,
Is síolraigh an tuiscint go daingean ‘s go buan
Go bhfillfidh síocháin ar fuaid an domhain mhóir.

Source: I found these lyrics in a collection of Christmas carol lyrics in the Irish language, assembled by the priest Clement Mac Mánuis C.Ss.R. (1943 – 2023) from Co. Louth. The collection is available here: https://www.cumannnasagart.ie/wp-content/uploads/2023/02/caruil-nollag-le-seoladh-3-1.pdf