Babaró

Babaró – Leagan 1

Unique Word Count: 71

Ba mheidhreach séimh céad rún mo chléibh in éineacht liomsa trá,
Babaró is óró ‘mhíle grá,
Ba réidh a chéim ag siúl na sléibhte aniar ón ngarraí bán,
Babaró is óró ‘mhíle grá, 
Babaró is óró ‘mhíle grá,
Ghabh mo bhuachaill córach uaim thar sáile,
Ach bhéarfaidh Dia na nGrásta é do mo chroí ar ais go slán,
Babaró is óró ‘mhíle grá.

An bhfaca tú mo bhuachaill dubh is é ag rómhar na mbán?
Babaró is óró ‘mhíle grá,
Níor lonraigh grian ar mac na bhfiann ba ghile snó is bláth,
Babaró is óró ‘mhíle grá, 
Babaró is óró ‘mhíle grá,
Ba chumhraí é ná plúr san fhéar ag fás,
Ach chuaigh sé ag triall san fharraige siar is d’fhág mo chroí go tláith, 
Babaró is óró ‘mhíle grá.

Babaró – Leagan 2

Unique Word Count: 90

Ó bhí mé lár i gCoillte Má ag iarraidh maidí cláir
Babaró ‘gus oró mhíle ghrá
‘S chonaic mé an tailliúr mór a bhíos i Muileann Cearr
Babaró ‘gus oró mhíle ghrá
Babaró ‘gus oró mhíle ghrá
Babaró ‘gus oró mhíle ghrá
‘Seo babaró le daideró go n-éirí an lá ban
Babaró ‘gus oró mhíle ghrá
 
‘S a bhfaca mé de iontais ann ní fhéadfainnse a rá
Babaró ‘gus oró mhíle ghrá
Mar chonnaic mé fear fada ‘ceannach fataí ó fhear gearr
Babaró ‘gus oró mhíle ghrá
Babaró ‘gus oró mhíle ghrá
Babaró ‘gus oró mhíle ghrá
‘Seo babaró le daideró go n-éirí an lá ban
Babaró ‘gus oró mhíle ghrá
 
Thiar in Úll Uí Mháille ar cuan tá báidín ag mo ghrá
Babaró ‘gus oró mhíle ghrá
Mara dtig liom dul a’ seoltóireacht ní rachaidh mé sa tsnámh
Babaró ‘gus oró mhíle ghrá
Babaró ‘gus oró mhíle ghrá
Babaró ‘gus oró mhíle ghrá
‘Seo babaró le daideró go n-éirí an lá ban
Babaró ‘gus oró mhíle ghrá
 
‘S nach deas an mháistir rince deanfadh Pádhraicín Ó Deá
Babaró ‘gus oró mhíle ghrá
Marach an leathcois dheas aige a bheith beagánín gearr
Babaró ‘gus oró mhíle ghrá
Babaró ‘gus oró mhíle ghrá
Babaró ‘gus oró mhíle ghrá
‘Seo babaró le daideró go n-éirí an lá ban
Babaró ‘gus oró mhíle ghrá
 
I gCuige Mumham ar boarding school atá mo mhíle ghrá
Babaró ‘gus oró mhíle ghrá
Ní rachaidh mé ar cuairt aici ó d’éirigh sí chomh h-ard
Babaró ‘gus oró mhíle ghrá
Babaró ‘gus oró mhíle ghrá
Babaró ‘gus oró mhíle ghrá
‘Seo babaró le daideró go n-éirí an lá ban
Babaró ‘gus oró mhíle ghrá