Unique Word Count: 165
Ar mo dhul chuig an Aifreann le toil na ngrásta Bhí an lá ag cur báistí is d'ardaigh gaoth, Casadh an ainnir liom taobh Chill Tartáin Is thit mé láithreach i ngrá le mnaoi. Labhair mé léi go múinte, mánla Is de réir a cáilíochta d'fhreagair sí, 'S é dúirt sí "Raiftrí, tá m'intinn sásta, Agus gluais go lá liom go Baile Uí Laoi." Nuair a fuair mé an tairiscint níor lig mé ar cairde í, Rinne mé gáire agus gheit mo chroí; Ní raibh le dul againn ach trasna páirce, Is níor thug muid an lá linn ach go tóin an tí. Leagadh chughainn bord a raibh gloine is cárt air Is cúileann fháinneach le m'ais ina suí, 'S é dúirt sí "Raiftrí, bí ag ól is céad fáilte, Tá an siléar láidir i mBaile Uí Laoi." Shiúil mé Sasana is an Fhrainc le chéile, An Spáinn, an Ghréig is ar ais arís, Ó bhruach Loch Gréine go Béal na Céibhne, Is ní fhaca mé féirín ar bith mar í. Dá mbeinnse pósta le bláth na hóige, Trí Loch an Tóraic a leanfainn í, Cuanta is cóstaí go siúlfainn, is bóithre, I ndiaidh na seoidmhná ata i mBaile Uí Laoi. 'S í Máire Ní Eidhin an staidbhean bhéasach Ba dheise méin agus b'áille gnaoi, Dhá chéad cléireach is á gcur le chéile Agus trian a tréithe ní fhéadfadh scríobh. Bhuail sí Deirdre le breáthacht is Vénus, Is dá n-abrainn Helen ler scriosadh an Traí, 'S í scoth mhná Éireann as ucht an méid sin, An pabhsae gléigeal atá i mBaile Uí Laoi.
-Antaine Ó Raiftéirí