Béal Áth’ hAmhnas

Unique Word Count: 118

Bhláth na gcaor, ó tharla mé go cloíte tréith le greann duit,
Tar faoi m’ dhéin, a rún mo chléibh, 's tabhair grá gan chlaon gan cham dom;
Och! faraor géar! 's mé an ceann gan chéill 's do chomhairle m'athar níor umhlaíos, 
Gurb é comhrá déanach 'dúirt liom féin: 'Tréigse Béal Áth' hAmhnas!'

Do thug mé grá dod chúilín bán ar chúl an ghairdín pónaire,
Dod bhéilin tláith mar chúr na trá, dod dhá ghrua dhearg mar chaorthainn, 
Dod bhéal is binne ná an chuach ar bile 's na ceilúir caoin na n-éanlaith; 
Mo léan 's mo mhilleadh gan mé is tú, a chumainn, ag éalú lena chéile.

A ghra is a rún, dá ngluaisfeá liom go Tír na Long as Éirinn, 
Tinneas cinn ná tuirse croí nach leigheasfaí ann gan amhras;
‘S tú an réalt eolais thar mhná na Fódla agus coinnigh agat féin ón mbás me', 
Óir gan grásta Dé ní mhairfidh mé ar an tsráid seo Bhéal Áth' hAmhnas.