Unique Word Count: 69
Ó éistigí ’ chairde le briathra mo dhuain, Fá chathair ’tá scriosta faoi bhuairt is faoi ghruaim, Tá slóite na nGall inár dtimpeall go buan, Ó, a Chríost amharc anuas ar Bhéal Feirste cois cuain. A chathair mo dhúchais, ó b’álainn do ghrua, Cé gur mhinic tú cumhdaithe le deatach an ghuail, Tá tithe anois scriosta, iad tréigthe is duairc Ó, a Chríost amharc anuas ar Bhéal Feirste cois cuain. Dá dtiocfadh an lá choíche a mbeadh an strainséir ar shiúl Ba gheal le mo chroí é is ba shuaimhneach mo shuan, Bheadh an tsíocháin arís ann go mall is go luath, Ó, a Chríost amharc anuas ar Bhéal Feirste cois cuain.
-Liam Mac Carráin, Cumann Chluain Árd