Unique Word Count: 166
Ós a bhruinneall gan smál ‘ bhfuil na dealraitheach’ deasa in do ghrua Fán ógánach bhán atá cráite le fada i do dhiaidh Ní cheilimse ar aon neach cén fáth a bhfuil ormsa gruaim, In ainneoin eaglaise is bráithre is í grá mo chroí bean an fhir rua. Ó rachaidh mé síos seal míosa nó coicís ar cuairt Is ní fhillfidh mé aníos go síntear mo chaolchorp san uaigh. Órú, dochtúirí an tsaoil ní leigheasfadh siad mise ar an uaigh Ach an t-aon amharc amháin a fháil ar bhean an fhir rua. Dá gcuirfÍ mé síos i bpríosún dubh dorcha crua Is na bóltaí ar mo chaolchorp is na mílte glas as sin suas, Órú, d'éireoinn de ruachladh mar a d'éireodh an eala on chuan Ach an aon phóg amháin a fháil ó bhean an fhir rua. Beir litir uaim scríofa síos go baile cois cuain, Chuig an chailín bheag chaomh a bhfuil an ghnaoi ag lasadh ina grua. Mheallfadh sí an saol—tá na mílte fear léi á lua; Glac misneach, a Bhríd, i dtús oíche go ngoilfidh an fear rua. Tá crann ins an gharraí a bhfásann air an bláth buí Is nuair a leagaim mo lámh air is láidir nach scoilteann mo chroí. Chan iarrfainnse ’n achainí ar Ard-Rí na bhFlaitheas anuas Ach an aon phóg amháin is í a fháil ó bhean an fhir rua. Shíl mé, a chéadsearc, go mbeadh aontíos eadar mé agus tú, Agus shíl mé 'na dhéidh sin go mbréagfa mo leanbh ar do ghlúin. Mallacht Rí neimhe ar an té a bhain díom mo chlú, Sin agus uile go léir lucht bréige a chuir eadar mé agus tú.