Bean An Leanna

Unique Word Count: 180

Agus éirigh in do shuí 'bhean an leanna, 
Is ná fan le do chaipín a ghléas;
Nó go dtuga tú dhom braon uisce beatha, 
Nó cárt de do chuid leanna féin.
Mar beimid ag ól go dtí maidin, 
Seo sláinte na bhfear uilig go léir,
Is nuair a fhágfas an mháistréas an baile, 
Beidh na cailíní is deise agam féin.

Ós a Dhia céard a dhéanfas mé amárach,
Nuair a fheicfeas mé mo ghrá ag gabháil aniar, 
Is ní fhéadfaidh mé a ghabháil ina láthair,
Le méid is a bhí eadrainn riamh.
Nuair a smaoiním ar a súgradh is ar a gáire, 
Is ar inneach a láimhín bhí fial,
Nach dtiteann mo chroí bocht i ndólás, 
Agus goilim féin mórán ina diaidh.

Is shiúil mise bogach is sléibhte 
Is cnoic a bhí géar as a mbarr,
Is a Ián bealaí eile nach ndéarfad
Ni raibh unsa ar bith céille i mo cheann. 
Ag cuartú mo chailín deas aerach,
Nach sínfead mo thaobh léi go brácb,
Is gur chórtha di codladh taobh thuas díom; 
Ná bheith i gConga dhá uairín roimh lá.

Is fada mo chosa gan bhróga
Agus is faide mo phócaí gan phingin. 
Is fada mé ag siúl le mná óga,
Ach níor shiúil mise riamh le mo mhian. 
Is fada mo chónra dhá déanamh,
Is mo thuama á breacadh ag saoir,
Is mo chróchair dhá tógáil lá an earraigh, 
Is na buachaillí óga ag gabháil faoi.

Is bhí mise oíche is mé súgach,
Bhí mé ag triall ar thigh Mhicil sa ghleann; 
Bhi steancán de phíobaire caoch ann
Agus jug fuisce líonta aige ar chlár. 
Ó thit muid lag marbh síos ann,
Ní raibh preab inár gcois ná inár láimh,
Ach seo beannacht Shíol Éabha agus Ádhaimh daoibh, 
Agus íocfaidh mé féin an reicneáil.