Beidh Aonach Amárach

Unique Word Count: 63

Beidh aonach amárach i gContae an Chláir, 
Beidh aonach amárach i gContae an Chláir, 
Beidh aonach amárach i gContae an Chláir, 
Cén mhaith dom é, ní bheidh mé ann.

Curfá
A mháithrín, an ligfidh tú chun aonaigh mé? 
A mháithrín, an ligfidh tú chun aonaigh mé? 
A mháithrín, an ligfidh tú chun aonaigh mé? 
A mhuirnín ó, ná héiligh é.

Tá ‘níon bheag agam is tá sí óg, 
Tá ‘níon bheag agam is tá sí óg, 
Tá ‘níon bheag agam is tá sí óg,
’S tá sí i ngrá leis an ngréasaí bróg.

Curfá

Níl tú a deich ná a haon déag fós, 
Níl tú a deich ná a haon déag fós, 
Níl tú a deich ná a haon déag fós,
Nuair a bheidh tú trí déag, beidh tú mór.

Curfá

B'fhearr liom féin mo ghréasaí bróg, 
B'fhearr liom féin mo ghréasaí bróg, 
B'fhearr liom féin mo ghréasaí bróg, 
Ná oifigeach airm faoi lásaí óir.

Curfá

Is iomaí bean a phós go hóg, 
Is iomaí bean a phós go hóg, 
Is iomaí bean a phós go hóg,
’S a mhair go socair lena gréasaí bróg.