Unique Word Count: 115
Ó beir mo dhúthracht go dúthaigh Duíbhneach ‘Sí tír mo ruin í ‘ ta dlúth dom chroíse. Dúthaigh m’óige is fód mo shinsear, Mo ghrá go deo í sa ghlóire dhraíochtúil. Mo ghrá dá sléibhte sna néalta ‘n airde. Barr Chnoc Bhréanainn ‘s gur naofa a cháil sin. Binn ós Gaoith is na síonta a tnátha, Is Dún Chonraoi thoir do chloígh le Bláthnaid. Tabhair mo ghrá-sa do Shráid an Daingin, Cuan Fionntrá is Cuan Ard na Cáithne. Do Cham an Áir is Gleann álainn Gealt thoir. Mo chumha go brách gan mé ’r fán ‘na measc san. B’aoibhinn domsa go hóg nuair a bhíos ann, I mBaile an Ghóilín ar bhord na taoid’ ann. Ag éisteacht ceolta um neoin sna coillte, Is luí fén bhfód ann faoi dheoidh na bhfarradh Dá mbeinn ansúd thiar is súgach a mhairfinn, Ar fháithchí drúchta ag siúl gach maidin. Ag caint ‘s ag comhrá le comharsain chneasta Is luí fén bhfód ann fé dheoidh na bhfarradh.