Unique Word Count: 99
Thíos cois na toinne sea ‘beathaíodh mo chaor’ Ag Diarmaid Ó Duilleáin ó Bharra na hAoine; Mac dearthár athar dom ‘chuir le haill í - Easpa tobac a bhí ar an gcladhaire! Curfá: Bó, bó, bó na leathadhairce, Bó, bó, an tseana-chaor’ adharcach; Bó, bó, bó na leathadhairce, Bó dhroimeann dhearg ‘s ní fheadar cá bhfaighinn í. B’fhearr liom ná scilling go bhfeicfinn mo chaora, ‘Teacht chun a’ dorais ar maidin nó ‘stoíche; Thálfadh sí bainne dom, bheathódh sí uan dom, Chuirfeadh sí seaicéidín deas ar mo ghualainn. Curfá Chonaic mé bruite í, chonac á roinnt í, Chuir mise dúil inti, blúire ní bhfaighinn di; Ó, nár dheas í! Ó, nár mheidhreach! Ó, nár dheas í, an tseana-chaor’ adharcach! Curfá Dá mbeinnse i rachmas, i ngradam ‘s in oidhreacht, Thabharfainnse gine ar chúp(a)la slice di; Ó, nár dheas í! Ó, nár mheidhreach! Ó, nár dheas í, an tseana-chaor’ adharcach! Curfá D’íosfainn lán píce di, d’íosfainn lán oighinn di, D’íosfainnse liobar den tseana-chaor’ adharcach; Ó, nár dheas í! Ó, nár mheidhreach! Ó, nár dheas í, an tseana-chaor’ adharcach!