Bríd Óg Ní Mháille

Unique Word Count: 139

Is a Bhríd Óg Ní Mháille, is tú a d’fhág mo chroí cráite.
Chuir tú arraingeacha an bháis ag dul trí cheartlár mo chroí.
Tá na céadta fear i ngrá le d’éadan ciúin náireach,
Is go dtug tú barr breáthacht’ ar Thír Oirghiall, más fíor.

Níl ní ar bith is áille ná an ghealach os cionn an tsáile, 
Nó bláth bán na n-airní a bhíos ag fás ar an droighean; 
Ó siúd mar a bhíos mo ghrása, níos trilsí le breáthacht,
Béilín meala na háilleacht’ nach ndearna riamh claon.

Is buachaill deas óg mé atá ag triall chun mo phósta,
Is ní buan i bhfad beo mé mura bhfaighe mé mo mhian, 
A chuisle is a stóirín, déan réidh is bí romhamsa,
Ceann deireanach den Domhnach ar Bhóithrín Dhroim Sliabh.

Is tuirseach is is brónach a chaithimse an Domhnach, 
Mo hata i mo dliomliom is mé ag osnaíl go trom,
Is mé ag amharc ar na bóithre a mbíonn mo ghrá-sa ag gabháil ann, 
Anois ag fear eile pósta agus gan í bheith liom.

Nach mise ata thíos leis an pósadh sin bheith déanta,
’S ní chodlaím san oíche ach ag osnaíl go trom.
’S nár fhága mé an saol seo go raibh mé is tú, a chéadsearc
Ar an aon leaba sínte is mo lámh faoi do cheann.