Brídín Bhéasaí

Unique Word Count: 286

Phósfainn Brídín Bhéasaí gan cóta, bróig ná léine;
A stór mo chroí dá mb’fhéidir liom, do throiscfinn duit naoi dtráth,
Gan bia gan deoch gan aon chuid ar oileán i Loch Éirne,
D’fhonn me is tú bheith in éineacht go réitimis ár gcás.
A grua ar dhath na gcaorchon! A chuaichín bhairr an tsléibhe!
Do ghealladh ná dean bréagach, ach éirigh leis an lá.
‘S in aineoinn dlí na cléire go dtógfainn thú
 mar chéile,
‘S a Dhia, nár dheas an scéal sin, duin’ ag éalú lena ghrá.

Do gheit mo chroí le buaireamh agus scanraigh mé naoi n-uaire
An mhaidin úd do chuala mé nach raibh tú romham le fáil,
‘S a liacht lá faoi shuairceas chaith mise ‘s tú in
 uaigneas
‘S gan neach ar bith dár gcumhdach ach an crúsicín ‘s é ar an gclár.
Dá bhfaighinn amach do thuairisc dá dtéitheá go bonn cruaiche,
Rachadh an scéal róchruaidh orm nó leanfainn do mo ghrá,
‘S go mb’fhearr liom sínte suas leat ‘s gan fúinn ach fraoch a’s luachair
Ná (bheith) ‘g éisteacht leis na cuachaibh bhíos
 ar siúl ag eirí lá (lae)

‘S é ábhar m’osna ‘s m’éagaoin gach maidin
 mhoch dá n-éirím
A chúil na lúb ‘s na bpéarla nach tú bhí dom i
 ndán,
‘S ní rachainn leat mar fhéirín ach mé is tú
 bheith in éineacht
In áit éigin ‘n ár n-aonar, go leagfainn ort mo lámh.
Sheinnfinn ceol ar téadaibh go binn, le barr mo mhéara,
Thréigfinn mná na hÉireann ort, is leanfainn thú sa tsnámh,
 
‘S dá mbeinn im’ Rí na Gréige nó im’ phrionsa
 ar na céadta
Do bhéarfainn suas an méid sin do phéarla an bhrollaigh bháin.

Dá bhfeicfeá réalt an eolais ‘s í ag teacht i
 mbéal an bhóthair
Déarfá go mba sheod uait a thógfadh ceo is draíocht,
A grua dearg mar rósaibh ‘s a súil mar dhrúcht
 an fhómhair,
A béilín tana ródheas ‘s a brághaid ar dhath an
 aoil.
Bhí a dhá cích corra comhchruinn mhol me iad
 ‘s ní mór liom,
‘Na seasamh ag déanamh lóchrainn ‘s iad
 ceartha os comhair a croí.
Tá mé i mbrón ‘s i ndóbhrainn ó sciorr tú uaim
 thar teorainn,
Gídh is fada ó fuair mé comhairle go ngiorrófá mo shaol.

Tosód síos i mBréachbhuí is rachad go Loch Éirne,
Ó Shligeach go bonn Céise bhéarfaidh mé mo scríob,
Siúlfaidh mé Móin-éile, Corcaigh is Binn Éadair,
‘S ní sheasfaidh mé I dTom Gréine go dté me go Trá Lí.
Níl gleanntán cnoic ná sléibhe ná baile cuain sa méid sin
Nach siúlfaidh mé, má fhéadaim, ‘s nach
 dtóireoidh mé mo mhian,
Muna bhfaighe mé Brighid sa méid sin níl agam le rá léithe
Ach beannacht slán is céad a chur le bláth na sú-chraobh.

A scéimh, a croí is a breáthacht ní scríobhfadh Virgil ráite,
A dhá cích geala bána mar an eala tá ar an dtoinn,
A malaí caola tarraingthe ‘s a súil chomh
 cruinn le hairne
A bhíos i gcónaí, ta ‘s againn, ag fás ar bharr
 an toim.

Ba mhilse blas a póige ná mil na mbeach ‘s í
 reoite,
Ba dheas a seasamh i mbróig ‘s a cúilfhionn
 fáinneach fionn.
‘S dá mbeinn is bláth na hóige i mBalla nó i mBothóla
Ní fhágfaimis go deireadh fómhair é, ach ag
 sport ‘s ag déanamh grinn.

Deir Mearcairí gur dóigh gurb é Plútó sciob an tseoid leis,
‘S gurb iomaí gardaí móra tá gabháil idir mé
 ‘gus í,
Is é Jupiter a máistir, is triallfaidh mé dhá láthair,
Ach fanfad go dtí amárach go ligfidh mé mo scíth.
Tá mé tuirseach breoite, gídh chaith mé leat mo bhróga,
Go síoraí ag déanamh bróin, ní chodlaím néal
 den oích’,
‘S ó thug Hercules le ró-neart Cerbherus den bhóthar,
An measann sibh nach cóir dhom mo stór a leanúint síos.

Níor mhór dom cúnamh láidir, níl mé mór le Charon,
B’fhéidir dhó mé bháthadh dá dtiginn ina líon. 
Tá bád ‘s a maidí rámha go síoraí ansiúd ar garda:
Ní thaitníonn dream an Phápa leis, ní ghéilleann sé dá ndlí.
Níor chabhair dom na Spáinnigh mar gheall ar Bhanríon Máire,
Bhíodh ag brú is ag carnadh ‘s ag coinneáil na
 nGall síos,
 
Ach dá mairfeadh Calvin lá ‘cint Cromaill,
 Hannraoi, as Mártain,
Dá scríobhfadh siad dom carda ní éileofaí orm pingin.

‘Sé Plútó an prionsa clamprach sciob uaim mo
 ghrá agus m’ansacht,
É féin agus Radamantus ní caraid dom an dís, 
Bhulcan brúite, dóite, ‘s a leathchos briste breoite,
Minos nach dtig trócaire, na trustaigh an gadaí
 choích’.
Is iomaí abhainn bháite sin agus contúirt chráite,
Tóirneachaí ag carnadh agus ag loscadh ar gach taobh
Ach triallfad orthu amárach agus mar admhaigh siad mo ghrá dhom,
Gheobhad cúnamh láidir nach n-éileofaí orm pingin.

Fianta Fionn níor mhór dhom, Oscar ‘s Goll na
 Mórna,
‘S Cúchhulainn an laoch cróganta nár chlis i
 gcath ariamh.
Clann Uisnigh dúirt go leor liom do bhainfeadh as claíomh lóchrainn,
Agus Hector, an laoch mórchruth ‘ fuair
 foghlaim bhreá sa Traoi.
Chluinfeá i dTír na hÓige gníomh na bhfeara móra,
An tráth thosaíodar a strócadh ag gearradh rompu síos.
Ach Jupiter níor mhór dhom chuir Mentor, an fear eolais, liom,
Nár lig amuigh in aon bhóthar mé go dtug mé abhaile Bríd.