Buachaill Ón Éirne

Unique Word Count: 142

Buachaill ón Éirne mé is bhréagfainn féin cailín deas óg, 
Ní iarrfainn bó spré léi, tá mé féin saibhir go leor –
Is liom Corcaigh dá mhéid é, dhá thaobh an ghleanna,
 is Tír Eoghain Is mura n-athraí mé béasaí, is mé an t-oidre ar chontae Mhaigh Eo.

Buachailleacht bó, mo leo, nár chleacht mise riamh,
Ach ag imirt’s ag ól le hógmhná deasa fa shliabh.
Má chaill mé mo stór, ní dócha gur chaill mé mo chiall,
Is ní mó liom do phóg ná an bhróg atáir ’ caitheamh le bliain.

Rachaidh mé amárach a dhéanamh leanna fán choill, 
Gan coite gan bád gan gráinnín braich’ ar bith liom, 
Ach duilliúr na gcraobh mar éide leapa os mo chionn,
Is, óró sheacht m’anam déag thú, is tú ag féachaint orm anall.

A chuisle, ’s a stór, ná pós an seanduine liath,
Ach pós an fear óg, mo leo, mura maire tú ach bliain. 
Nó beidh tú go fóill gan ua ná mac os do chionn
A shilfeadh aon deoir, tráthnóna nó ar maidin go trom.

Ach ab é an t-ól bheadh cóta maith ar mo dhroim, 
Stocaí agus bróga agus cró maith seascair faoi choim; 
Ach is leis na mná óga a d’ól me m’fhortún go cruinn;
Is dá gcuideodh mo stór liom bheadh teach maith os ár gcionn.