Cá Raibh Tu Ó Mhaidin?

Unique Word Count: 69

Cá raibh tú ó mhaidin, a dheartháirín ó? 
Cá raibh tú ó mhaidin, a dheartháirín ó?
Ag iascach is a' foghlaeireacht, cóirigh mo leaba dhom 
Tá mé tinn fá mo chroí agus ligidh dhom luí.

Céard d'ith tú ar do dhinnéar, a dheárthairín ó? 
Céard d'ith tú ar do dhinnéar, a phlúr na bhfear óg? 
Eascainn rólúbarnach, nimh fuinte bruite orthu
Tá mé tinn fá mo chroí agus ligidh dhom luí.

Céard a fhágfas tú ag do dheaide, a dheartháirín ó? 
Céard a fhágfas tú ag do dheaide, a phlúr na bhfear óg? 
Eochair mo stábla aige, sin agus mo láir aige
Tá mé tinn fá mo chroí agus ligidh dhom luí.

Céard a fhágfas tú ag do dheartháir, a dheartháirín ó? 
Céard a fhágfas tú ag do dheartháir, a phlúr na bhfear óg? 
Eochair mo thrunca aige, sin is míle punt aige
Tá mé tinn fá mo chroí agus ligidh dhom luí.

Céard a fhágfas tú ag do bhean phósta, a dheartháirín ó? 
Céard a fhágfas tú ag do bhean phósta, a phlúr na bhfear óg? 
Ifreann mar dhúiche aici, na flaithis bheith dúnta uirthi,
Tá mé tinn fá mo chroí agus ligidh dhom luí.

Céard a fhágfas tú ag do mháithrín, a dheartháirín ó? 
Céard a fhágfas tú ag do mháithrín, a phlúr na bhfear óg? 
Dá bhfágfainn saol breá aici, d'fhágfainn croí cráite aici, 
Tá mé tinn fá mo chroí agus ligidh dhom luí.