Cad É Sin Don Té Sin

Unique Word Count: 169

Chuaigh mé chun aonaigh is dhíol mé mo bhó 
Ar chúig phunta airgid is ar ghiní bhuí óir
Má ólaim an t-airgead is má bhronnaim an t-ór 
Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó?

Má théim go coill chraobhach ’ phiocadh sméara na cnó
A bhaint úlla de ghéaga nó a bhuachailleacht bó 
Má shínim seal uaire faoi chrann a' dhéanamh só 
Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó?

Má théimse ag airneál is rince is spórt
Chuig aonach is rása is gach cruinniú den tsórt 
Ma tchím daoine súgach is má bhím súgach leo 
Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó?

Dá luífinn ar mo leaba le tréan cur i gcéill
‘S a bheith ag éagaoin ‘s ag cneadaigh mar a bheinn i ndubhphéin;
Dá n-éireoinn de léim a dhéanamh pléisiúir is spóirt, 
Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó?

Dá bpósfainn bean bhuí agus síneadh ar leac oighir, 
Dá mbeárfainn a chodladh mo pheata beag gadhair, 
Dá rithfinn ar mire ‘s go bpógfainn mo bhó
Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó?

Dá rachainn go tapa, le canna gan tóin,
‘S an tréanmhuir a thaoscadh go séidfinn fuil shróin’
Dá leanfainn dá taoscadh gan staonadh go deo, 
Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó?

Dá dtriallfainn go haerach go Contae Thír Eoghain,
‘S as sin go Binn Éadair ‘s ar ais go Maigh Eo,
Dá bpillfinn ina dhiaidh sin ‘ s gan aon iall i mo bhróig’
Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó?

Deir daoine go bhfuil mé gan rath is gan dóigh 
Gan earra gan éadáil gan bólacht ná stór.
Má tá mise sásta ‘ mo chónaí i gcró
Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó?

Tá aithne agam ar chailín deas cneasta 'gus cóir 
Tá a píob mar an eala is a leaca mar rós.
Má bhíonn sí 'gus mise um Inid faoi sheol
Ó cad é sin don té sin nach mbaineann sin dó?