Cailín A’ tSléibhe Ruaidh

Unique Word Count: 174

An gCluin sibh mise ‘ bhuachaillí an méid agaibh ‘ta libh féin,
Suígí thart fán tinidh anseo go n-insí mé mo scéal,
Bhí buachaill ar a’ bhaile seo ‘bhí súígach aerach suairc,
Agus tháinig sé a dhéanamh cleamhnais le cailín a’ tsléibhe ruaidh.

A spéirbhean álainn aigeantach, ba deise méin is clú,
Bí ‘ teacht liom féin le dúscadh ‘n lae go bpóstar mé ‘gus tú. 
Bí ‘teacht liom féin amárach, ‘s ná bíodh ort brón ná gruaim, 
Is cuirfidh mé gúna síoda ort, a chailín a’ tsléibhe ruaidh.

Níorbh fhios don streabhóig ghiodalaigh caidé ba chóir dí ‘rá, 
Ach a’ dealramh a bhí ina súile den oíche go ndéanfadh lá,
A rún mo chroí ‘nois díbir thusa mearadh ‘n ghrá seo uait,
Nó is rún liom fanacht díomhaoin seal ar mhalaidh a’ tsléibhe ruaidh.

A mhaighdean mhaiseach mharánta caide seo ‘tá tú ‘rá?
Dearc síos a’ gleann faoi bhruach na mbeann is breathnaigh mo chuid barr,
Tá togha na bhfear is na mbeathach agam ag obair ann go cruaidh,
‘S tá stór is maoin go leor agam do chailín a’ tsléibhe ruaidh.

Má tá stór is maoin go leor agat ní domhsa is fearrde é, 
Nó deirtear liom go n-ólfá thusa maoin a’ tsaoil go léir,
‘Do shuí suas ‘dtigh an óstaí ‘ do dhrabhlás bhocht gan chéill,
Ar feadh na hoích’ ag ól ‘s a’ gabháil ‘na’ bhaile le bánú ‘n lae.

Más fear mé ‘tá ‘g ól, a chailín chóir, ní ólaim ach mo chuid féin, 
Chan tú ‘tá ‘g íoc ar son na dí, níl agat pingin mar spré,
Is anois ná síl go bhfuil mo chroí bocht briste de do chumhaidh
Nó fágaim thú mar fuair mé thú ar mhalaidh a’ tsléibhe ruaidh.