Cailín Deas Crúite Na mBó

Unique Word Count: 133

Tá bliain nó níos mó ‘gam ag éisteacht,
Le cogar doiléasach mo mheoin,
Ó casadh liom grá geal mo chléibhe, 
Tráthnóna breá gréine san fhómhar.
Bhí an bhó bhainne chumhra ag géimnigh,
 Is an éanlaith go meidhreach ag ceol,
Is ar bhruach an tsrutháin ar leataobh díom, 
Bhí cailín deas crúite na mbó.

Tá a súile mar lonradh na gréine, 
Ag scaipeadh trí spéartha gan cheo, 
‘S is deirge a grua ná na caora,
Ar lasadh ‘measc chraobha’ na gcnó; 
Tá a béilín níos milse ná na sméara, 
‘S is gile ná leamhnacht a snó:
Níl ógbhean níos deise sa tsaol seo, 
Ná cailín deas crúite na mbó.

Dá bhfaighinnse ardtiarnas na hÉireann,
Agus éadaí den tsíoda ‘s den tsról; 
Dá bhfaighinnse an bhanríon is airde 
Dá bhfuil ar an talamh seo beo;
Dá bhfaighinnse céad loingeas mar spré dom, 
Píolótaí, caisleáin agus ór,
B’fhearr liom bheith bocht ar dhroim sléibhe
Le cailín deas crúite na mbó.

Mura bhfuil sé i m’ chomhair bheith in éineacht
Leis an spéirbhean ródhílis úd fós,
Is daoirseacht dhobrónach mo shaolsa, 
Gan suairceas, gan éifeacht, gan treo; 
Ní bheidh sólás i m’ chroí ná i m’intinn, 
Ná suaimhneas orm oíche ná ló,
Chun go bhfeicfead le m’ thaobh óna muintir
Cailín deas crúite na mbó.