Cailín Na Gruaige Báine

Unique Word Count: 146

Is uaigneach mo shaol go gruama faraoir,
’Mo thruaill bhocht gan siamsa ’tá mé,
’S is brónach a bhím gan suaimhneas na hoích',
Go buartha lag cloíte cráite.
’Sí ’n stuabhean gheal chaoin a rinne gual de mo chroí,
’S níl suairceas a choíche i ndán domh
Ó luaigheadh liom mar mhnaoi go luath ‘dtús mo shaoil,
Mo chailín na gruaige báine.

’S i bláth bán na gcraobh í, thug barr ar gach scéimh,
Le háilleacht le méid ’s le breáchta
’Sí d'fhág mé faoi léan, ’s í chráigh mé gan bhréig, 
’Gus tá ’fhios ag Mac Dé mo chás-sa.
Dá bhfaighinnse mo rogha, ó b'ansa liom é,
Bheith ar láimh leis a' spéirbhean álainn
’S ní náire ar bith liom é nó ’s í grá geal mo chléibh.
Mo chailín na gruaige báine.

Dá dtigeadh sí arís ar cuairt chun mo thí, 
Nach mise bheadh aoibhiúil sásta,
’S nil áit ar bith dár mhian léi nach mbainfinnse fúm, 
Ach cead ’fháil mo shaol a chaitheamh léi
Nach trua mise 'smaointiu go domhain in mo chroí, 
Nach bhfeicim arís go brach í,
Táim buartha bocht faoi chian,'s ní mhairfead beo bliain, 
Gan cailín na gruaige báine.

Is uaigneach mo shaol go gruama faraoir
‘Mo thruaill bhocht gan siamsa ‘tá mé
‘S is brónach a bhím gan suaimhneas na hoich’
Go buartha lag cloíte cráite
‘Sí ‘n stuabhean gheal chaoin a rinne gual de mo chroí 
‘S níl suairceas a choiche i ndán domh
Ó luadh liom mar mhnaoi go luath ‘dtús mo shaoil
Mo chailín na gruaige báine

‘S i bláth bán na gcraobh í, thug barr ar gach scéimh 
Le háilleacht le méid ‘s le breáchta
‘Sí d’fhág mé faoi léan, ‘sí chráigh mé gan bhréig 
‘Gus tá ‘fhios ag Mac Dé mo chás-sa
Dá bhfaighinnse mo rogha, ó b’ansa liom é 
Bheith ar láimh leis a’ spéirbhean álainn
‘S ní náire ar bith liom é nó ‘s í grá geal mo chléibh 
Mo chailín na gruaige báine

Dá dtigeadh sí arís ar cuairt chun mo thí 
Nach mise bheadh aoibhiúil sásta
‘S níl áit ar bith dár mhian léi nach mbainfinnse fúm 
Ach cead ‘fháil mo shaol a chaitheamh léi
Nach trua mise ‘smaointiú go domhain in mo chroí 
Nach bhfeicim arís go brách í
Tá mé buartha bocht faoi chian is ní mhairfead beo bliain 
Gan cailín na gruaige báine

-Seán Bán Mac Grianna