Unique Word Count: 116
Ar bhánta an tSróil ‘sea d’fhágas mo stór Is a máithrín ag gleo gan dabht léi ‘Dtaobh grá a thabhairt do m’ shórtsa d’fhánaí gan treo Gan cairn bhuí óir i gcabhair orm. Is í an bháb mhiochair bheoil a chuir bláth ar mo sceol Is is páiste bhí óg gan dabht í. Is nach breá deas mo shórt ag geatsáil ar bord Le cailín na gruaige doinne. Is neosfad mo stair do m’ mhuintir ar fad Cé cloíte, go lag, gan mheabhair mé, Ag smaoineamh is ag braith is ag tnúth le hí ‘theacht Gach oíche is maidin Domhnaigh. Rince go pras, aoibhneas nó cleas, Ní smaoiním le heaspa mheabhrach, Ach mo chroí istigh á shlad le diandíograis searc Do chailín na gruaige doinne. Is tréithlag a bhím gan aoinne de m’ bhuíon Ag déanamh aon tsuim sa domhan díom, Is is baolach dá dhroim go n-éagfad gan mhoill I m’éigin ar díth mo mheabhrach. Le saorghuth a cinn go léimid aníos Na héisc as an linn ag leabhaireacht. Is dá breácht mar ní, ní shásódh mo chroí Gan chailín na gruaige doinne.