Cáit Ó Gharrán A’ Bhile

Unique Word Count: 69

Curfá:
An raibh tú riamh i nGarrán a’ Bhile? 
Nó ‘bhfaca tú i nGarrán a’ Bhile,
An tsuaircbhean óg na gcuacha óir?
‘S í Cáit mo stór i nGarrán a’ Bhile.

Is gile í ná eala ar linn,
‘S ná sneacht’ ar bharr na craoibhe cruinne; 
‘S is milse a póg ná drúcht ar rós -
‘S í Cáit mo stór i nGarrán a’ Bhile.

Curfá

Is binn’ a ceol ná lon ‘s ná smól,
‘S ná filimeol ar chraobha na saile; 
Mar long faoi sheol ar thonn gan cheo, 
Sea ‘chím mo stór i nGarrán a’ Bhile. 

Curfá

Chugatsa, ‘Chríost, le fonn mo ghuí,
Má tá aon bhrí i nguí an fhile,
Gan cháin, gan chíos, gan phráinn, gan díth, 
Go raibh Cáit ‘s a buíon i nGarrán a’ Bhile. 

Curfá