Unique Word Count: 89
Caitlín Óg ag gabháil an ród, Agus casadh Dónall Dubh uirthi, Thug sé í go taobh an chlaí, Agus bhain sé míle mag aisti. Curfá: Fa la la léir Ó randaí dú, An gcuala sibh cúrsa ar Chaitlín, Dá mbéinnse beo arú bliain nó dhó, Go mbeinnse ag ól le Caitlín. A Chaitlín Óg is tú mo stór, Go deo, ní mian liom scaradh leat, Ar Shliabh a’ tSín gur chaith mé an oíche, Mar i ndúil is go mbeinn i gcleamhnas leat. Curfá Dá mbeinn i mo tháilliúir nó i mo ghabha, I mo ghréasaí bróg a b’aite liom, D’ainneoin Éireann is a bhfuil beo, Go gcuirfinnse clóca ar Chaitlín. Curfá Bhí mé oíche i mo shuí liom féin, Agus d’éirigh mé ionsar na cailíní, Shíl mé a choíche nach bhfaighinn an tslí, Go tóin an tí ionsar Chaitlín. Curfá