Casadh An tSúgáin – Leagan 1
Unique Word Count: 189
’Gus thíos i Sligeach a chuir mise eolas ar na mná, ’Gus thiar insan mbaile seo a d’ól mé leo mo sháith, Ar bhrí mo mhaide mura stopa sibhse feasta amhlaidh seal mar atá, Go n-imreoidh mise cleas a bhainfeas siúl as na mná. ’Gus d’imir mise cleas Tigh mhac Uí Dhomhnaill aréir, ’S an dara cleas sa teach a bhí go dlúth lena thaobh, ’S an tríú cleas, cén mhaith dhomsa a chur i bhfad eile i scéal? Chuir an chailleach amach mé le casadh an tsúgáinín féir. ’Gus cén cat mara a chas isteach insan áit seo mé? ’S nach liachtaí bean óg sa mbaile a d’fhág mé i mo dhiaidh? Mar gheall ar throid is ar bhruíon is ar rud eicínt mar é, Muise, seanbhó bhreac ’gus óinseach caillí a bhí gan chiall. ’Gus chuirfinn ’gus threabhfainn ’gus chraithfinnse síol go domhain sa gcré, ’Gus sheolfainnse ba san áit is airde a bhfásann féar, Chuirfinn crú ar an each is lúfaire, is corraí, is airde a chaithfeadh léim, ’S nach bpósfaidh bean le fear nach ndéanfadh an méid sin fhéin? ’Gus tháinig mise isteach i dteach dhá uairín roimh an lá, Bhí bean óg ar meisce ann is cúl a cinn fúthu ar chlár, Níor bhreathnaigh mé tharam go híseal, uasal ná go hard, Nó gur chuir mé cois lena cois agus bhogamar an súistín bog bán. ’S dhá mbeadh spré ag an gcat nach deas lách mar a phógfaí a bhéal? ’Gus cat nach mbeadh nach fada ó bhaile a sheolfaí é? Tá iníon na caillí stoithnithe, gliobaithe, pioctha, cataithe, pósta ó aréir, ’S tá mo ghrá-sa sa mbaile is gan duine aici a phógfadh a béal. ’S má bhíonn tú liom, bí liom os comhair lán an tí, ’S má bhíonn tú liom, bí liom de ló gheal is d’oíche, ’S má bhíonn tú liom, bí liom gach orlach de do chroí, ’Sé mo thrua le fonn nach liom Dé Domhnaigh thú mar mhnaoi.
Casadh An tSúgáin – Leagan 2
Unique Word Count: 209
A Rí na bhFeart cad do chas ins a’ dúthaigh seo mé? ‘S gur mó cailín deas a gheobhainn im dhúthaigín beag féin; Gur casadh mé isteach mar a raibh searc agus gra geal mo chléibh, ‘S chuir an tseanbhean amach mé ag casadh an tsúgáinín féir. Má bhíonn tú liúm, bí liúm, a stóirín mo chroí Má bhíonn tú liúm, bí liúm os comhair an tsaoil; Má bhíonn tú liúm, bí liúm gach orlach de d’ chroí Sé mo liúm go fann nach liúm Dé Domhnaigh thú mar mhnaoi. Tá mo cheannsa liath le bliain is ní le críonnacht é, Ní bheathaíd na bréithre na bráithre pé sa domhan scéal é; Is táim i d’ dhiaidh le bliain, is gan fáil agam ort féin, ‘S gur geall le fia mé ‘r shliabh a mbeadh gáir con ‘na dhiaidh. Do threabhfainn, d’fhuirsinn, chuirfinn síol ins a’ chré, ‘S do dhéanfainn obair shocair, álainn, mhín, réidh, Do chuirfinn crú fén each is mire ‘ shiúil riamh ar fear Is ná héalódh bean le fear ná déanfadh san féin. Bhí mé seal, a shearc, agus cumhaidh orm 'do dhéidh, Seal beag eile, agus b'aite liom bheith ag pógadh do bhéil; Níorbh aite liom an staruidhe a bheadh leat-sa as liom-sa air láimh, 'Sí grádh mo chroidhe an bhean a bheadh air a'n inntinn amháin. Monuar, gan mise a's tusa a rún-searc mo chléibh I dtomglas choilleadh na ngleanntán uaigneach linn fhéin, Gan a'n duine a bheith níos deise dúinn ná dhá mhíle déag Acht mise gus tusa a bheith ag briseadh bharr bhog an fhéir. Dá mbeadh spré ag an chat, nach deas lách a phógfaí a bhéal, Acht níl, faraor, ag an té is córtha dó é, Nighean na caillí giobaí is fearr í a gheobhas céim, A’s mo chailín deas gan fios ca ngeobhfaí mé leithi'. B'fhuras domh aithne air bhaint na luachra seo 'nné Go dtug mo mhuirnín muirneach cúl mór domh féin; Tháinig me isteach 'sa teach a raibh rún-searc mo chléibh A's chuir an tseanbhean amach me a’ casadh an tsúgáinín féir.