Unique Word Count: 115
Aige casadh cam na Feadarnaí, Ar do dhul isteach sa 'tsléibh dhuit, Ar thaoibh do láimhe deise dhuit Tá toigh na Caillí Riabhaí Curfá: With a ma ring doo a day, With a ma ring a doo a dad - dí ó Bhi Bunnaí-Chinn a's Bannaí-Chinn, As Neidigh beag a' tsléibh' inn, 'Sé Velvet bocht a d'arsó' duit Cá mbíonn an Chailleach Riabhach. Curfá B'í ríoghan na mban módhmhar í 'Gus banríoghan na mban siabhrach, ;Gus 'réir's mar deireadh na dailtíní B'í cumharthadh Charn tSiadhail í. Curfá Oíche roimh Mhi Shamhna Aige tarraingt mhóineadh 'n Tighearna, Bhí Nansaí Gabha 's na gasúir Aige creach na Caillí Riabhaí. Curfá Bhí ‘n Cíonánach aig an doras, Bhí Ó hArbhasaigh taobh thiar de, 'S bhí ‘níon na Caillí Giobaí Agus a máthair ag iarraidh déirce. Curfá Dá bhfeicfeá Micheal Ó Bainíchinn 'Se 'g imeacht lena chliabhán, Ag cruinniú ábhar teinidh Le haghaidh a "dandy-cap" a ghrianrú! Curfá Anois chan fheil aon fhód acu A théithfeas daofa an t-iarann Ach Carraig-a-tSeabhaic na ndosan Sin brosna na Caillí Riabhaí. Curfá