Cé ‘Chuirfidh Tú Liom?

Unique Word Count: 58

Páiste
Cé ‘chuirfidh tú liom ag casadh na mbó, 
Ag casadh na mbó, ag casadh na mbó? 
Cé ‘chuirfidh tú liom ag casadh na mbó, 
Le diolsaí dolsaí déró?

Cailín
Cad a thabharfaidh tú dom ar ‘ainm a rá, 
Ar ‘ainm a rá, ar ‘ainm a rá?
Cad a thabharfaidh tú dom ar ‘ainm a rá,
Le diolsaí dolsaí déró?

Páiste
Gheobhair hata páipéir ar ‘ainm a rá, 
Ar ‘ainm a rá, ar ‘ainm a rá,
Gheobhair hata páipéir ar ‘ainm a rá,
Le diolsaí dolsaí déró.

Cailín
Ní leor é sin ar ‘ainm a rá, 
Ar ‘ainm a rá, ar ‘ainm a rá, 
Ní leor é sin ar ‘ainm a rá, 
Le diolsaí dolsaí déró.

Páiste
Gheobhair Cnoc Mhaoldonn ar ‘ainm a rá, 
Ar ‘ainm a rá, ar ‘ainm a rá,
Gheobhair Cnoc Mhaoldonn ar ‘ainm a rá,
Le diolsaí dolsaí déró.

Cailín
Ní leor é sin ar ‘ainm a rá,
Ar ‘ainm a rá, ar ‘ainm a rá,
Ní leor é sin ar ‘ainm a rá,
Le diolsaí dolsaí déró.

Páiste
Seo duit milseán ar ‘ainm a rá, 
Ar ‘ainm a rá, ar ‘ainm a rá, 
Seo duit milseán ar ‘ainm a rá, 
Le diolsaí dolsaí déró.

Cailín
‘S é Diarmaid Ó Floinn an buachaill bán,
An buachaill bán, an buachaill bán,
‘S é Diarmaid Ó Floinn an buachaill bán,
Le diolsaí dolsaí déró.

Páiste
Ní chuirfinn mo chapall ‘na choinne thar abhainn,
‘Na choinne thar abhainn, ‘na choinne thar
 abhainn,
Ní chuirfinn mo chapall ‘na choinne thar
 abhainn,
Is d’fhágfainnse thall go brách é.

Cailín
‘S é Máirtín Mhaidhc an buachaillín bán, 
An buachaillín bán, an buachaillín bán, 
‘S é Máirtín Mhaidhc an buachaillín bán, 
Le diolsaí dolsaí déró.

Páiste
Máirtín Mhaidhc! Is é mo ghrá, 
Is é mo ghrá, is é mo ghrá,
Máirtín Mhaidhc! Is é mo ghrá,
Is fanfaidh mé thall go brách leis.