Unique Word Count: 192
Cearc agus coileach a d’imigh le chéile, Shiúladar Éire gur briseadh a gcroí, Is chuadar go Gaillimh le héirí na gréine, Gur cuireadh an péire isteach ag an dlí. ’S ag Uilliam Ó hUileáin a bhí siad ar féar, D’ith mónóga sléibhe ’gus chodail sa bhfraoch, Gur tháinig an sirriam go lúfar ’s go haerach, Is scuab sé an péire isteach go Bleá’n Rí. Dá bhfeicfeása ’n coileach lá aonaigh na sráide, Hata breá laistiar is lámhainní buí, Ceithre spor fhada den airgead Spáinneach, ’Gus fuip ina láimh ’s é ’tíocht mar an rí! ’S ag Muileann na Leice sea ’chuala mé ’n trácht air, Ag mná ’bhí cothai’ le bláthach Sheáin Mhóir - M’éinín coiligh, ’bhí agam le haghaidh na Féile Mártan, Gur mharaigh na mná é le dúil san fheoil. Thug siad isteach é gur scar siad a chnámha, ’S gur chaith siad an lá sin sách spórtúil go leor, ’S nárbh fhearr dóibh an spóilín a cheannach ar fónamh, Ná an chaoi ’ndeachaigh a gcáil ar fud Chontae Mhaigh Eo? Bhí cearc ag Seán Bán ba dheise ná péacóg - Ubh agus céad a rug sí sa lá - Tháinig an sionnach a mharaigh na céadta, ’S thug sé den réim sin í ’steach go Sliabh Bán. Damhsóidh sí, monuar, quadrille agus caper, ’Muigh ar an stage os coinne Dhúin Mhóir, ’S ar bharra na Gailli’ sea ’lig sí an chéad ghlao, Cleit’ as mo ghame níor baineadh go fóill. D’éirigh mé suas ar maidin sa drúcht, Mo chapaillín cú liom ’s mo mhadra beag bán, Chonaic mé sionnach ’ é fite ’s é fuaite, Siar ins an uaimh is cloch ar a cheann. “M’ochón!” ars’ an chearc ’s í ’dul ar an bhfara, “Nach brónach ’s nach deorach le hinsint mo scéal - Athair mo chlainne ’céile mo leapa A’ dul ins an phota is leac ar a bhéal!”