Chuaigh Mé ‘Na Rosann

Unique Word Count: 259

Chuaigh mé 'na Rosann ar cuairt gur bhreathnaigh mé uaim an spéir 
Is thart fá na hoileáin ó thuaidh mar eilit agus cú 'na diaidh
Se déarfadh gach duine fán chuan ó tharla mé ‘nuas fán chéidh
"Nach maith a aithním ar do ghruaim gur fear thú 'bhfuil an toir 'na dhiaidh".

Casadh dom an ainnir dheas óg ach má casadh 'sí a labhair go géar
"Más fear thú a bhaineas do mhnaoi óig cha mholaim ró-mhór do thrade. 
Chonaic mé fear ar thír mór is é ag siúl gan bhróg inné
Is dóigh liom gur thusa an fear óg is go bhfuil ort an tóir 'do dhiaidh".

D’fhreagair mé anainnir dheas óg is ghlac sí go mór mo scéal, 
“Stad de do mhagadh níos mó nó chan duine den tseort sin mé;
Ach suigh thusa anall i mo chóir, is bí thusa ar aon nós liom féin, 
Nó rachaidh mé os coinne do shróin amach go tír mór de léim."

Thit muid i dtuirse is i mbrón is d'fhiafraigh mé den óigbhean chaoin 
"Cá bhfuigheas muid gloine le hól a thógfadh an brón dár gcroi?" 
"Ta teach beag ar leataobh an róid is coinníonn sé i gcónaí braon
Gabh thusa, agus buail ar an bhord is ní dhíolfaidh do phócaí a'n phingin".

Tharla mé isteach i dtoigh-an-óil agus b'fhaiteach go leor mé le suí 
Ar eagla go dtiocfadh an tóir is go mbainfi an óighean díom
Nuair a fuair muid gach ní mar ba chóir, agus mheas mé gur chóir dom suí, 
Sé dúirt sí "Bí thusa ag gabháil cheoil is ní dhíolfaidh do phócaí a'n phingin".

Cha rabh mise i bhfad ag gabháil cheoil gur chruinnigh go leor 'un toigh’
Achan fhear is a ghloine ina dliomle comóradh a thabhairt don dís. 
Bhi biotáilte fairsing go leor cha rabh beagán á ól sa tír
Is dá dtarraingeoinnse galún Uí Dhomhnaill b'fhurast' mo scór a dhíol.

Nuair a lig muid dúinn tuirse le brón sé d'fhiafraigh an óigbhean díom 
"Cá mbionn tú 'do chónaí sa lá nuair nach gcoinníonn tú cró duit féin?" 
"Bimse seal i dtoigh an óil, cha déanaimse lón den phingin
An méid údaí a shaothraím sa lá a chaitheamh le spórt san oíche".

“Más fear thú a leanas den ól cha mholaim go mór do thrade,
Ná chan iarraim ar dhuine de do sheortsa toiseacht le buaireamh an tsaoil. 
Is fearr dúinn fanacht go fóill go ndéanfaimid lón den phingin
Is go raibh againn an t-ór is cuidiú dár gcóir aríst.”

Le fanacht go ndéanfaidh muid lón caithfimid cuid mhór dár saol; 
Is fearr toiseacht go hóg is beidh cuidiú dár gcóir arís,
Do leithéid char casadh domh go fóill i mbealach ná i ród ‘ mo thriall;
‘S da mbeinnse i mBaile na Bó gheobhainn cailíní óga ar phingin.”