Unique Word Count: 161
Cad a dhéanfaimid feasta gan adhmad? Tá deireadh na gcoillte ar lár, Níl trácht ar Chill Chais ná ar a teaghlach Is ní chluinfear a cling go brách. An áit úd ina gcónaíodh an dea-bhean, ’Fuair gradam is meidhir thar mná Bhíodh iarlaí ag tarraingt thar toinn ann, Is an tAifreann binn á rá. Ní chluinim fuaim lachan ná gé ann, Ná fiolar ag éamh cois cuain, Ná fiú na mbeacha chun saothair A thabharfadh mil agus céir don slua. Níl ceol binn milis na n-éan ann Le hamharc an lae ag dul uainn Ná an cuaichín i mbarra na ngéag ann, Is í a chuirfeadh an saol chun suain. Tá ceo ag titim ar chraobh ann, Nach nglanann le gréin ná lá, Tá smúit ag titim ón spéir ann, Is a chuid uisce go léir a’ trá. Níl coll, níl cuileann, níl caor ann, Ach clocha is maolchlochán, Páirc na foraoise gan chraobh ann, Is d’imigh an ghéim chun fain. Aicím ar Mhuire is ar Íosa, Go dtaga sí arís chugainn slán Go mbeidh rincí fada ag dul timpeall, Ceol veidhlín is tinte cnámh; Go dtógtar an baile seo ár sinsear, Cill Chais breá arís go hard, Is go brách nó go dtiocfaidh an díle Nach bhfeicfear é arís ar lár. Anois mar bharr ar gach míghreann, Chuaigh prionsa na nGael thar sáil’ Anonn le hainnir na mine, ‘Fuair gradam sa Fhrainc ‘s sa Spáinn, Anois tá a cuallacht á caoineadh, Gheibheadh airgead buí agus bán, Is í nach dtógfadh seilbh na ndaoine Is í cara na bhfíorbhochtán.
-Antaine Ó Raiftéirí