Unique Word Count: 147
Is buachaillín mise do shiúlaigh a lán Ag cur tuairisc na háite is b'fhearr ionad I múineadh in iompar i gclú cheart 's i gcáil I mbéasa i dtréithe is i dtuiscint Ní heol dom aon chúige nó dúnbhaile breá Dá bhfaca im' shiúlta ba shúgaí le rá Níor luigh ariamh mo shúil ar aon dúiche chomh breá Leis an áit úd a nglaotar Cill Mhuire air Curfá Is hóró é, hóró é a bhuachaillín bhreá Hóró é, hóró é, sín chugham do láimh. Tá jug ar an mbord is ba chóir é bheith lán Go nólfaimis sláinte Chill Mhuire. Ansiúd a bhíonn tionnlach mion cholúr is faoileán An chéirseach fraoigh chearca is druide Ar ghéagaibh ina slaodaibh ag géilleadh faoi bhláth Is gur mhéin liom le háireamh a bhfoireann Bíonn fuaim ag an gconairt á leagaint chun fiaigh Ag traochadh an tsionnaigh is marchaigh ina dhiaidh Bíonn adharca a séideadh is na céadta 'Huzza!' Ar chnocáinín aerach Cill Mhuire Curfá Ansiúd a bhíonn cúinse go súgach ag dáimh Mar a léitear na húdair is cliste Bíonn ól agus aoibhneas rince agus rás Agus ceolta go binn an dá seinm Bíonn gasra groífhear gur gníomh iad le rá Ar mhachaire an choimheascair nár stríoc riamh dá namhaid Sin deireadh lem' ghníomhartha ach líontar suas cárt Go n-ólfaimid sláinte Cill Mhuire Curfá