Cluiche Ceannais 1998

Unique Word Count: 227

Aris, a chairde, canaímis dánta
Le bród is athas is mórtas croí.
Is déantar gairdeas ó Thuaim go Carna
'Sea óltar sláinte na bhfear aniar.
Bhi Tiobraid Árann ar fad i láthair
Le brait anairde - gorm is buí
I bPáirc an Chrócaigh go luath Dé Domhnaigh
Ag maíomh go glórach gur leo an draíocht.

Bhí fir an Iarthair le neart is díograis
Ag súil go cíocrach an corn 'fháil
Bhí óg is aosta le hais a chéile 
Is brat á séideadh marún is bán
Ní raibh braon báistí nó gaoth ró láidir
Ach scamaill, áfach, go hard sa spéir.
An ghrian le sonrú, corr uair ag lonradh
Nuair fuair an t-ionú, ar thuataí 's cléir

Ag tús an chluiche, dhá thaobh ar mire
Go dian ag imirt, ag santú scór
Gaillimh chun tosaí, Tiobraid ag ionsaí
Le dúil ár laochra a chur dá dtreoir.
Tiobraid ag feabhsú - fonn orthu damhsa
Is iad ag samhlú go n-éireodh leo,
Ach fir an larthair le spiorad dochloíte
Ag luascadh camán go bríomhar beo.

Beidh trácht go deo ar an fhoireann chróg (a)
A sheas an fod is a shaothraigh clú
An Rianach óg is an Loinseach mór
An Fiannachtach beo is Ó Colmáin nua.
Mac Giolla Choinnigh, Maoil Eoin is 'Sylvie'
Ger Mac an Airchinnigh, An Céideach crua;
Seosamh O Cuana d'imir go stuama
Ó Neachtain luath, Ó Coimín sa chúl.

Conchubhar Ó hAodha maith mar chruthaigh sé
Caiptín calma é nár lig deis amú;
Ó Cuinneagáin sheas an fód go teann
Noel Ó Laighin - nach breá mar a fuair an cúl!
I ndeireadh báire - ábhar lúchaire -
Bhí Gaillimh cáilmhear ag maíomh arís
Corn Mhic Chárthaigh le foireann shásta
Ag triall go sián thar an tSionainn siar.

Mo ghraidhin's mo cheol Gaillimh gnaíúil glórmhar
As ucht a gcrógacht ar pháirc an spóirt
A rug an lá leo ó Thiobraid Árann
Nuair d'ardaigh Conchubhar go hard an tseoid.
Beidh sioscadh's scealta go dtitfidh spéartha
Faoin oiche scléipeach a chruinnigh'n slua
Is cuireadh failte roimh scoth na sárfhear, 
Ardaímis gártha 'Gaillimh Abú' !

-Liam Ó Donnchadha, Meán Fómhair 1988

Fonn: Preab San Ól