Cóilín Phádraic Shéamais

Unique Word Count: 120

Ó saolaíodh thú is mairg a rá,
Go raibh an long anonn i ndán duit; 
Bhí sé romhat de shíor go mbeifeá lá, 
I measc na n-imirceánach.
Níl maireachtáil ag baile duit, 
Ní thusa féin is cáinte
Ach an dream a d'fhág tú thiar díomhaoin, 
Ag stracadh leis an nganntan.

Curfá:
Tá long ag gabháil anonn inniu, 
A Chóilín Phadraic Sheamais, 
Agus imigh leat thar sáile anonn,
Mar a bhfaighidh tú luach do shaothair. 
Ag sclábhaíocht is ag sluaisteáil chré,
O éirí go luína gréine,
A bheas tú thall i dtír na nGall, 
A Chóilín Phádraic Shéamais.

Is iomaí lá breá gréine,
A chaith tu ar bheagán buartha, 
Ag fiach i measc na gcnocán, 
Nó ag iascaireacht sna cuanta.
Ba ghaiscíoch ins an churrach thú, 
Is tú' sharódh an gála,
Is ba bhinne leat na ceol na bpíob, 
Gíoscán na maidí rámha.

Curfá

Ni fheicfidh tú arís go deo, 
Do chairde, nádo ghaolta,
Is ní scarfaidh tú arís go brách, 
An mhóin ar thaobh an tsléibhe. 
Fág slán ag cladach, is ag sliabh, 
Fág slán ag Conamara;
Mar ní fhillfidh túgo deo na ndeor,
Ar do thír ná ar do bhaile.