Unique Word Count: 168
Ar choinligh ghlais an fhómhair, a stóirín gur dhearc mé uaim. Ba deas do chos i mbróig 's ba ró-dheas do leagan siubhail. Do ghruaidh ar dhath na rósaí 's do choirníní bhí fite dlúith. Monuar gan sinn ’ár bpósadh nó ’r bord loinge ’triall ’un siubhail. Tá buachaillí na háite seo a’ gártha ’gus ag éirí teann Is lucht na gcochán ard a’ deánamh fárais do mo chailín donn. Dá ngluaiseadh Rí na Spáinne thar sáile ’s a shlóite cruinn, Bhrúfainn féar is fásach ’s bheinn ar láimh le mo chailín donn. Ceannacht buaibh ar aontaí dá mbínn agus mo chailín donn. Gluais is tar a chéad-searc, nó go dté muid thar Ghaoth Bearra 'nonn. Go scartar óna chéile barr na gcraobh 's an eala ón tuinn, Ní scarfar sinn ó chéile 's níl ach baois daobh á chur ’n mbur gceann. Chuir mé litir scríofa ionsair mo sweetheart agus casaoid ghéar Chuir sí chugam arís í go raibh a croí istigh i lár mo chléibh; Coim na heala is míne ná ’n síoda ’s ná clúmh na n-éan, Nach trua an osna ’ nímse nuair a smaoiním ar a bheith ag scaradh léi! Is é a chuala mé Dé Domhnaigh, mar chomhrá ’ gabháil idir mná, Go raibh sí ag dul a phósadh ar ógfhear dá bhfuil san áit; A stóirín, glac mo chomhairle is a’ fómhar seo fan mar ’tá, Is cha ligim le’ bhfuil beo thú, a stóirín, nó is tú mo ghrá.
Coinleach Glas An Fhómhair – leagan 2
Unique Word Count: 140
’S nach ar choinleach ghlas an Fhómhair, a mhuirnín, ’sea a dhearc mé thú, Ba deas é do sheasamh i mbróigín is ba ródheas é do leagan súl, Do ghrua ba deirge ná an rósa, is bhí do chúilín fite dlúth, ’Sé mo léan gan mé is thú pósta, is ar bhord loinge, is muid a’ dul anonn. Is a Mháire a dtug mé grá dhuit, ’sé mo léan ghéar gan mé ’gus tú, Ar oileáinín rúin Phádraig, áit nach snámhann ann bád ná long, ’S óra, chaithfinnse naoi lá leat, naoi dtráth gan codladh ciúin, Ar shúil is go bhfaighinnse sásamh ar a ndearna tú de mhagadh fúm. Agus chuir mise litir scríofa chuig mo ghrá bán is casaoid chrua, Agus nár chuir sí agam arís í is bhí mo chroí istigh chomh dubh le gual, Nuair a léigh mé í go cúramach is bhí na deora a’ sileadh liom, Ach mí ní beo mé mura bpósa mé ainnir na gcuach. Is nach cuma liomsa fhéin céard a bheas aon fhear a’ lua ná a’ rá, Ach tabharfaidh mé cuairt is céad ar an taobh dhíom a mbíonn sí ann, Mar ’sí cuaichín bharr na gcraobh í, ’sí meidhreoigín an bhrollaigh bháin, ’Sí rún is searc mo chléibh í is ní shéanfad í nó go bhfaighe mé bás.