Contae Mhaigh Eo

Unique Word Count: 173

Liostáil mé le sergeant ar shráid an bhaile mhóir, 
Shíl mé gur bhreá an rud é mar bhí mé bog óg;
Fuair mé gunna fada láimhe, claidheamh géar is barr air, 
'Gus shil mó féin go mb'fhearr sin ná Ián loinge d'ór.

Ar an loing seo, a Pheaid Uí Linse, a bhímse ag déanamh bróin, 
Ag osnaíl gach aon oíche is go síoraí ag sileadh deor;
'S mé bheith i bhfad óm mhuintir, mura mbeadh gur dalladh m'intleacht, 
Dar m'fhírinn' is maith a chaoinfinnse Contae Mhaigh Eo.

Mura mbeadh bás mo mháthar bheinnse maith go leor,
D’ólfainn leann Spáinneach i gcomhluadar ban óg;
Ach chomh beag síor-ól na gcárta is an dlí seo a bheith ró-láidir 
I Santa Cruz ní fhágfainn mo chnámha faoin bhfód.

Beir mo bheannacht leat go hÉirinn, 's ma theann tú don Aill Mhóir, 
Aithris do mo ghaolta nach mbeidh mé i bhfad beo;
Nuair a shíl mé dhul dá bhféachaint gur gafa bhí mé i ngéibheann, 
'S nach amhlaidh gheall Mac Dé dhom ach i gcianta faoi bhrón.

Nach ar Chnoc na Ceathrún Caoile bhíonns an siamsa agus an spórt, 
Tá cearca is coiligh fraoigh ann go síoraí ag seinm cheoil,
Tá sméara dubha ar chraoibh ann, tá úlla cumhra buí ann
‘S tá géimneach bó is lao ann tíocht oíche' Fhéil Muire Móir'!

Ach a dtige cnoc na Cruaiche ar cuairt go hAbhainn Mhór, 
Acaill go Cúl Luachra ag buachailleacht na mbó,
Ach a bhfása Gleann na nEntri faoi úlla cumhra geimhridh, 
Is ansiúd a bheas mo thriallsa go Contae Mhaigh Eo.