Crann Úll

Unique Word Count: 78

Tá crann úll i gcoirnéal an ghairdín
Is súifimid síos nó go gcuire siad an fál air
Ar eagla go dtitfeadh 'n bunadh óg i ngrá leis

Curfá
Nuair a bhogfaidh tusa, bogfaidh mise
Is bogfaimid le chéile
A chraoibhín aoibhinn álainn ó.

B'fhearr liom an gabha' tá ag obair sa cheárta 
Ag bualadh an oird go lúfar is go láidir
A shaothrú an scilling is a d’olfadh i dtí an tábhairne é

Curfá

B'fhearr liom an feirmeoir ag seoladh amach go haerach. 
Maidin dheas san Earrach le seisreach is péire
Ag cromadh ar an obair 's ag tiontú an chréafóg

Curfá

B'fhearr liom an t-iascaire amuigh ina bháidín
Ag cur a chuid eangach 's ag breith ar na bradáin
Ag troid leis na tonnta ó oíche go maidin.

Curfá