Críocha ‘N Oileáin Úir

Unique Word Count: 97

I bhfad ó bhaile thriall mo stór, 
Go críocha 'n Oileáin Úir,
Is d'fhág sí mise anseo faoi bhrón, 
'S gan triomú ar mo shúil.
Luaigheadh mé léithe i dtús mo lae, 
'S nach trua leat féin mo scéal,
‘S í 'grá mo chroí mo chailín deas,
'S í thógfadh domhsa cian.

Is mór mo chumhaidh 'do dhiaidh a rún, 
Ó d'éalaigh tú thar toinn,
Tá 'n saol faoi ghruaim tá 'n aimsir fuar, 
Táim cráite buartha tinn.
Beo ní bhead le cumhaidh 'do dhiaidh, 
'S a stór táim cloíte i bpéin,
0 'grá mo chroí, mo chailín deas, 
'S í thógfadh domhsa cian.

A rún mo chléibh 'nois pill arís, 
Go bpóstar me 'gus tú,
Beidh só 'gus aoibhneas inár saol,
'S beidh buaireamh 'n tsaoil ar shiúl, 
Beidh saol a' phósta séanmhar sóúil 
Suáilceach sona suairc,
'S ní bhead arís faoi bhrón mar bhí, 
'S ní baol domh choíche gruaim.