Cuireadh Do Mhuire

Unique Word Count: 49

Written by: Máirtín Ó Direáin

An eol duit, a Mhuire,
Cá rachair i mbliana,
Ag iarraidh foscaidh,
Do do leanbh naofa;
Tráth a bhfuil gach doras,
Dúnta ina éadan,
Ag fuath is uabhar,
An chine dhaonna?

Deonaigh glacadh,
Le cuireadh uaim-se,
Go hoileán mara,
San iarthar cianda;
Beidh coinnle geala,
I ngach fuinneog lasta,
Is tine mhóna,
Ar theallach adhainte.