Cuirfimid Deaindí, Deaindí

Unique Word Count: 39

Cuirfimid deaindí deaindí, 
Cuirfimid deaindí deaindí ar Mháire,
Cuirfimid deaindí deaindí, 
Bróga is stocaí bana. 

Curfá:
Oró damhs’ is damhs’ 
is oró damhsa go haerach,
Oró damhs’ is damhs’ is damhs’ 
is damhs’ a lao ghil. 

Caithfimid suas is suas is
Caithfimid suas a’ páiste,
Caithfimid suas is suas is 
‘S tiocfaidh sé anuas amárach. 

Curfá

Déanfaidh sí damhs' is damhs'
Is déanfaidh sí damhsa le pléisiúr,
Déanfaidh sí damhs' is damhs'
Mé féin ‘s í féin le chéile. 

Curfá

Caithfimid suas is suas is
Caithfimid suas go heasc’ í
Caithfimid suas is suas í 
Seachain a chroí ‘sná pléasc í.

Curfá