Unique Word Count: 138
Is cumhaiúil thíos fá bhruach na mara, is gruama an saol is mé liom féin, Gan sólás croí gan chomhrá carad ‘ thógfadh an chian domh is mhúchfadh an léan. Go domhain san oíche is mór mo mhearadh dúil go gcluinfinn ceol na n-éan. Ach mo bhrón níl ann ach tuaim an bharra is uaigneas síor fá ghlinnte an aeir. Níl ceiliúr cuach níl blátha geala teacht an tsamhraidh ann mar bhíodh D'imigh an smólach is d'imigh an eala, is tháinig smoladh ar gach craobh. Tá mo chairde gaoil go síor na gcodladh ins a' tseanbhaile faraor Agus mise fágtha fuar, fann, folamh mar each gan srian a' treabhadh an tsaoil. Ní fheicim bádaí gabháil an barra, ní fheicim daoine amuigh a' snámh Ní fheicim slóite Domhnach Earraigh, thíos fán Bhainsigh mar ba ghnách. D'imigh an spórt as Tóin a' Bhaile, d'éag an seandream a bhí sámh Mo chumha ina ndiaidh, nach mór a' chaill é iad bheith scartha uainn mar tá. Grá mo chroí na laetha fada a chaith mé thíos fá bhruach na trá. Seal ag imirt le mo mhadadh seal a' súgradh le mo ghrá. Seal gan ghruaim fá bhruach an easa féachaint bhradán ar a' tsnámh Is a Rí na nDúl nach trua nach mairfeadh saol na suáilce dúinn go brách.