Damhsa na gCoiníní

Unique Word Count: 29

Damhsa na gcoiníní i ngarraí na heorna
An coinín ab óige, briseadh a chos
An coinín ba shine, rinne sé uachta
’S thit sé ar a thóin i dtoimín na mbrobh

Coiníní beaga ’s coiníní móra
Coiníní beaga ag damhsa sa mbrobh
Coiníní beaga ’s coiníní móra
An coinín ab óige briseadh a chos

Foinse: Cúla4: ‘Rannta agus Amhráin le Niamh’

Damhsa na gCoiníní – Leagan Lasairfhíona Ní Chonaola

Unique Word Count: 76

Damhsa na gcoiníní i ngarraí na heorna
An coinín ab óige acu, briseadh a chois
An coinín ba shine acu, rinne sé uachta
’S thit sé ar a thóin i dtoimín na mbrobh

Coiníní beaga ’s coiníní móra
Coiníní beaga ag damhsa sa mbrobh
Coiníní beaga ’s coiníní móra
An coinín ab óige acu briseadh a chois

Measann tú an dtiocfaidh sé, tiocfaidh sé, tiocfaidh sé
Measann tú an dtiocfaidh sé, an dtiocfaidh sé anocht?
Tá a fhios agm nach dtiocfaidh sé, tiocfaidh sé, tiocfaidh sé
Tháinig an sneachta ’s chodail sé amuigh

I ngarraí na gcopóg, i ngarraí na gcopóg
I ngarraí na gcopóg ‘ sea chodail sé amach
I ngarraí na gcopóg, i ngarraí na gcopóg
I ngarraí na gcopóg ‘ sea d’imigh sé leis

Ní mheallfaidh tú mise, ní mheallfaidh tú mise,
Ní mheallfaidh tú mise le blandar ná ceol
Ní mheallfaidh tú mise, ní mheallfaidh tú mise,
Ní mheallfaidh tú mise le céad gine óir

Casadh orm coinín ar maidin Dé Domhnaigh
I ngarraí Mhaol Ruanaigh ’s é ag ‘ul soir
Maide in a ghlaic aige ’s é déanamh siúl leis,
An coinín is óige, briseadh a chois


Foinse: Lasairfhíona Ní Chonaola, le focail scríofa amach ag Máire Ní Shúilleabháin: https://youtu.be/10XpfW2ywtI?si=eBHjun3DxOGO1w40