Unique Word Count: 47
Déirín dé, déirín dé! Tá'n gabhar donn ag labhairt sa bhfraoch; Déirín dé, déirín dé! Táid na lachain ag screadaigh sa bhféith. Déirín dé, déirín dé! Gheobhaidh ba siar le héirí 'n lae Déirín dé, déirín dé! Is rachaidh mo leanbh á bhfeighilt ar féar. Déirín dé, déirín dé, Éireoidh gealach is raghaidh grian fé; Déirín dé, déirín dé, Is tusa mo leanbh is mo chuid den tsaol. Déirín dé, déirín dé! Ligfead mo leanbh ag piocadh sméar; Déirín dé, déirín dé! Ach codladh go sámh go fáinne 'n lae