Unique Word Count: 135
Deora na tíre le mothachtáil sa ghaoth Tá muintir na hÉireann go cráifeach ag guí, Ag impí ar Dhia gan é a ligint chun báis Fear de na hÓglaigh i gcampa Long Kesh. Tháinig na slóite ó thíortha i gcéin Tuataigh, an Eaglais agus lucht léinn, Ag iarraidh air géilleadh, géilleadh don dlí Tabhair suas do stailc ocrais, ith do chuid bidh Bhí Mairéad ina suí sa phairlimint thall Níor thug sise isteach go raibh sé rómhall Mar an gcéanna le Charlie agus lucht Fhianna Fáil, Is leoga gach páirtí dá raibh insa Dáil. Bhí an fhuiseog le cluinstin go hard insa spéir Ag fógairt go bródúil fána clann insan aer; Bhí saoirse na síoraíochta le cluinstin ina glór; Ach níor shil Bobby Sands oiread is deoir. Naoi seachtainí fada a chaith sé gan bia, Gan de chomrádaithe aige ar an tsaol seo ach Dia Ina luí ina chillín ag saothrú an bháis Ar phlaincéad bheag éadrom i gcampa Long Kesh. Ar an chúigiú lá de Bhealtaine naoi gcéad ochtó a haon D’fhág sé slán ag a mhuintir, agus slán ag a bhuíon, Dhruid sé a shúile agus chuala siad é a rá: “Tiocfaidh ár lá, tiocfaidh ár lá.”