Unique Word Count: 182
Do bhí bean uasal seal dá lua liom
Is do chuir sí suas dom, fairíor géar
Is do ghabhas le stúrach na mallaí móra,
Is gur dhein sí cuach díom i lár an tsaoil.
Dá bhfaighinnse a ceann siúd faor áirse an teampaill
Is go mbeinnse arís ar m'ábhar féin
Is anois ó táim tinn lag is ná fuil fáil ar leigheas agam,
Is gan ach mo mhuintir ag gol im' dhéidh.
Is tá a fhios ag Éire nach mar gheall ar aon rud
do dhearbhaíos féin a dhéanamh di,
Ach mar gheall ar mo chéad searc do dhein mé thréigint
Agus í ag déanamh spré suas dá clann iníon.
Tá an fuacht is an teas ag gabháil le chéile,
Is an tart ní féidir liom féin a chloí,
Is go bhfuil an leabhar orm ó Shamhain go February,
Is ná beidh mé réidh leis go Féile Mhichíl.
Is do shiúlas Éire is an Mhumhain le chéile,
Agus ar fad síos go dtí an áit go mbíodh mo ghrá,
Agus ní bhfuaireas aoinne ar feadh an mhéid sin
Do dhéin mé pleasin' mar Molly Bhán.
Mná na hÉireann is a dteacht le chéile,
Cé gur treason dom a lua ná a rá,
Is go b'é deir gach aoinne do chlois na scéalta
Go dtug sí an sway léi ó chontae an Chláir.
Is táim tinn breoite is mo chos dheas leointe
O ghaibh an ógbhean tharam isteach,
Is gur iarras póigín uair nó dhó uirthí,
Is go bhfaighinn féin fóirthint ach suí lena hais.
'Ochón mo chrá, is mo chumha go dóite,
Gan an oíche romham go mbeinn pósta leat';
'Nílim fós is ní bheidh go deo leat,
For I choose to go with my own sweetheart'.
Scríofa ag: Cathal Buí Mac Giolla Ghunna, who died in 1756 in County Clare.
Source: lyrics posted on mudcat.org from O’Muirithe: https://mudcat.org/thread.cfm?threadid=90070