Dónal Na Gréine

Unique Word Count: 118

Fear freic agus froilic i seomra nó halla,
Is é Dónal na Gréine, ar chuala tú a thréithe? 
Chaithfeadh sé seachtain ag ól i dtigh leanna, 
Is ná titeadh néal air, b'annamh díth céille air

Curfá:
D'ólfadh sé a dtuillfeadh sé, is dá mbeadh a thuilleadh aige 
A chóta is a léine, a chóta is a léine,
Dónal na buile 'gus Dónal na gloine 
'Gus Dónall na Gréine, Dónall na Gréine.

Níl aon bhean i gCorcaigh nach raibh leis i gcumann 
Cailíní óga, singil is pósta,
Dá mbréagadh is dá mealladh le sé lá na seachtain' 
Le bladar is bréaga, eachtraí is scéalta.

Curfá

Ó ’s táilliúir is is gabha é, is printéir maith leabhar é,
Dónall na gréine, chumfadh sé véarsa, 
Bord agus leaba a dhéanfadh go tapa,
Nó briste breá néata de chraiceann na gcaorach.

Curfá

Oro, b'fhada a léim reatha is bá bhreá a bhuille bata, 
In aimsir an éigin, sciursálfadh sé céad fear,
A shamhail d'fhear é le Lughaidh Lámhfhada,
Le hAlastair tréanmhar nó Heircealas Gréagach.

Curfá

Bíonn Dónal ar meisce is a bhean ag ól uisce, 
Is na leanaí ag béicigh, na leanaí ag béicigh, 
Bíonn Dónal ar meisce is a bhean ag ól uisce, 
Is na páistí ag béicigh, na páistí ag béicigh.

Curfá deiridh:
D'ólfadh sé a dtuillfeadh sé is dá mbeadh a thuilleadh aige, 
A chóta is a léine, a chóta is léine,
Le méid a mhisnigh ó sháraigh sé a maireann,
Sin agaibh a thréithe, Dónal na Gréine.